Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 20 Nollaig 2013

Éist anois

Micheál Ó Foighil, Bainisteoir Choláiste Lurgan & Séamus Ó Feinneadha, Príomh-Oifigeach Cúnta ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil cinneadh déanta ag an Roinn gan aon íocaíocht laethúil a thabhairt do theaghlaigh, a mbíonn os cionn dhá dhuine dhéag de Ghaeilgeoirí acu.
Éist anois

Bairbre Uí Thuairisg, príomoide Scoil na Maighdine Muire Gan Smál, Camas & dáltaí na scoile.

Is í Scoil na Maighdine Muire gan Smál i gCamas a bhuaigh an phríomhdhuais i gcomórtas Mhíle Órga na Gaillimhe, 2013. Míle Órga na Foirnéise a thug siad ar a n-iarratas agus bhuaigh siad an duais sa rannóg don scoil ab fhearr freisin.
Éist anois

Darach Ó Scolaí, stiúrthóir an chomhlachta ''Leabhar Breac''.

Tá 3 leabhar a d'fhoilsigh an comhlacht, Leabhar Breac, atá lonnaithe i gClochar na gCon in Indreabhán, ainmnithe ag an iris Comhar ar na 10 leabhar is fearr a foilsíodh le 13 bliana.
Éist anois

Peadar Ó Fátharta, iar-phríomhdhoirseoir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Chaith Peadar Ó Fátharta cuid mhaith de dhá scór bliain ina phríomhdhoirseoir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar atá anois air. Bhí sé ina chonaí i gColáiste na hOllscoile Gaillimh ina óige, mar go raibh a athair ag déanamh na hoibre céanna roimhe. Is iomaí duine cáiliúil a chonaic sé le linn a thréimhse san ollscoil.
Éist anois

Traolach Ó Conghaile, ball de chór Chois Fharraige.

Beidh deis ag gach ball den phobal a bheith i láthair ag cearúil na Nollag a bheidh ar siúl i gCill Éinde sa Spidéal tráthnóna Dé Domhnaigh.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal