Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 19 Nollaig 2013

Éist anois

Cáit de Bhailis & Colm Ó Fátharta, ó Met Éireann.

Rinne Cáit cur síos ar an damáiste a rinne drochaimsir na hoíche aréir go háitiúil, go háirithe i gCeantar na nOileán agus an bealach ar fad isteach go Gaillimh. Thug Colm Ó Fátharta léargas ar chomh dona is a bhí an aimsir aréir agus céard atá á thuar ag Met Éireann as seo go ceann roinnt laethanta.
Éist anois

Beirtí Ó Flatharta, ceannaitheoir éisc.

Tá ciorruithe móra i ndán don chuóta éisc a cheadófar d'iascairí na hÉireann a thógáil an bhliain seo chugainn. Mar thoradh ar na cainteanna a bhí ar siúl idir Airí Iascaireachta an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, tá cuótaí don chadóg agus don trosc laghdaithe an tríú cuid.
Éist anois

Timín Joe Tim Ó Curraidhín; Bairbre Uí Churraidhín & Máirín Breathnach Uí Choileáin, ó chumann aisteoirí an Spidéil.

Bhí slua mór i gColáiste Chonnacht aréir nuair a thug Máirín Breathnach Uí Choileáin, léargas ar an stair ársa atá ag baint leis an gcomplacht ''Aisteoirí an Spidéil''.
Éist anois

Lochlainn Ó Tuairisc, ó Chló Iar Chonnachta.

Tá Lochlainn ag cur síos inniu ar chúlra an amhráin ''Caoirigh na Japs'', ceann de na hamhráin atá i Leabhar Mhór na nAmhrán.
Éist anois

Máirtín Ó Dubhghaill.

Tá Cór Scoil Náisiúnta Cholm Cille na Tulaigh i mbun feachtas bailiúchán airgid faoi láthair le cabhair a thabhairt don charthanacht ''To Russia With Love''.
Éist anois

Ciarán Mac Con Iomaire ón gcomhlacht ''Conamara sa Diallait Teoranta''.

Chuir Ciarán síos ar an ngnó nua atá bunaithe aige féin agus a bhean ''Conamara sa Diallait Teoranta''.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal