Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 18 Nollaig 2013

Éist anois

Seán Breathnach, ó Shiopa Eurospar.

Bhí Seán ag cur síos ar an siopa agus chomh graitheach agus atá siad.
Éist anois

Máirtín Breathnach, ón eagraíocht SHED.

Bhí Máirtín ag cur síos ar an eagraíocht agus ar a mbíonn ar siúl acu. Chuir sé síos ar an damáiste a rinne báisteach don ionad atá acu le gairid.
Éist anois

Nóra Joe Bhearthla Uí Mhaoildhia, as Cuileán agus Inis Treabhair ó dhúchas.

Bhí Nóra ag cur síos ar an Nollaig fadó agus an chaoi a gcaitheadh siad an Nollaig ar an oileán agus nósanna a bhain leis an Nollaig.
Éist anois

Maryann Phádraic Phatch; Mary Bhreathnach, bean chéile Sheáinín Tommy; Neilie Uí Cheallaigh, as Cuileán.

Bhí Maryann ag caint le SBB. Bhí Mary ag cur síos ar an gcéad uair a chas sí le Seáinín. Is í Neilie a tháining amach as an mbosca mór le haghaidh an trolley dash.
Éist anois

Lally Lamb, as an gCeathrú Rua ó dhúchas.

Bhí Lally ag cur síos ar an Nollaig fadó agus na nósanna a bhíodh acu fhéin.
Éist anois

Santaí & gasúir as Scoil Mhuire ar an Tuairín.

Santaí ag caint le gasúir as Scoil Mhuire ar an Tuairín.
Éist anois

Eileen Mhic Dhonnacha & Pádraic Ó Flatharta.

Bhí Eileen ag déanamh trolley dash agus bhí Pádraic ag caint le SBB.
Éist anois

Ríona Ní Fhlatharta & Amy Ní Cheallaigh ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin.

Chuaigh Ríona agus Amy go Gaillimh agus 20 euro acu le caitheamh ar bhronntanais; chuir siad síos do SBB ar cén chaoi ar éirigh leo.
Éist anois

Fionnuala Uí Neachtain & Bairbre Nic Dhonnacha.

Bhí Fionnuala ag caitheamh súl ar na himeachtaí ceoil agus siamsaíochta a bheidh ar siúl le linn na Nollag ar fud Chonamara. Chuaigh Bairbre go dtí geamaireacht Enda Lofa & Róisín Bán aréir agus rinne sí léirmheas ar.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal