Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 17 Nollaig 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seosamh Ó Laoi, Seán Ó Tuairisg & Seosamh Ó Cuaig, Comhairleoirí Contae.

Den chéad uair ó tosaíodh ag caint ar bhriogáid dóiteáin do Chonamara Theas, tá airgead curtha de leataobh i meastacháin na Comhairle Contae do sheirbhís den tsórt seo. Socraíodh ag cruinniú buiséid na Comhairle Contae aréir go gcuirfí 30,000 euro don tseirbhís sna meastacháin.

Éist anois

Nóirín Ní Chualáin.

Ag ócáid sa bPoitín Stil, bhronn coiste áitiúil ospís na Gaillimhe, suim shuntasach airgid ar an ospís. Airgead é seo a chruinnigh an coiste le bliain anuas agus tá 150,000 euro bailithe acu le 10 mbliana.

Éist anois

Seanán Mac Aoidh, ón eagraíocht Misneach.

Tá an eagraíocht Misneach le hagóid a eagrú i gcathair na Gaillimhe amárach (Dé Céadaoin) mar gheall ar an bhfaillí, a deir siad, atá an rialtas a dhéanamh ar Ghaeilgeoirí agus ar an nGaeilge.

Éist anois

Bridget Bhreathnach, ó Chló Iar Chonnachta.

Bhí Bridget ag tabhairt le fios nach bhfaigheann leabhair Ghaeilge cothrom na Féinne nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar an líon acu a dhíoltar.

Éist anois

Máirtín Lally, ó theach tábhairne ''Taaffes''.

Tá nós ar fud na tíre le roinnt blianta agus tá sé tagtha chuig cathair na Gaillimhe, is é sin go dtéann scata lucht óil ó theach tábhairne go teach tábhairne i rith thréimhse na Nollag.

Éist anois

Máirtín Ó Catháin, iriseoir.

Tá leabhar bliantúil cheantar Iorras Aintheach ar fáil arís i mbliana. Mar is iondúil tá scéalta agus pictiúir, sean agus nua, i leabhar na bliana seo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal