Iris Aniar Dé Luain 16 Nollaig 2013
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Clár irise á chur i láthair ó Chasla.
Ag cur síos ar an scéal is deireanaí ar dhroichead Sheanadh Phéistín.
Tá sé i gceist ag na Boird Oideachais agus Traenála scéim teanga a réiteach do na Boird Oideachais ar fud na tíre. Tá athruithe suntasacha déanta ar na limistéir atá faoi chúram na mBord seo anois.
Tá an Nollaig buailte linn agus ag an am seo den bhliain agus daoine ag ullmhú agus ag réiteach, déantar dearmad go bhfuil daoine atá níos sine go minic ina n-aonar.
Tá riar de lucht gnó Mhaigh Cuilinn tagtha le chéile le go mbeidh ar a gcumas luach dhá mhíle euro de dhuais a bhronnadh ar dhuine éigin. Eagraíocht a thugann Mná Mhaigh Cuilinn orthu féin a bheas ag eagrú na duaise.
Taispeánann tuarascáil nua atá foilsithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na gcearc fraoigh i réigiún na hAbhann Duibhe agus Néifinn i gContae Mhaigh Eo.
Bhí Margaret agus an hoiméapat, Teresa Mhic Dhonncha sa stiúideo linn coicís ó shin agus rinne Teresa cur síos dúinn ar mheaisín speisialta atá aici a dhéanann scrúdú agus scanadh ar an gcorp agus a chuireann ar an eolas thú faoi bheatha atá ag cruthú laigeachta agus struis i do chorp.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís