Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 13 Nollaig 2013

Éist anois

Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir.

D'iarr an seanadóir Trevor Ó Clochartaigh sa Seanad aréir go dtabharfadh Aire na Gaeletachta aird ar mholtaí an Choimisinéara Teanga go gcuirfí bonn mar is ceart faoin gcaoi a n-oibríonn a oifig sula gceaptar comharba ar Sheán Ó Cuirreáin.

Éist anois

Clíodhna Standún, ó Shiopa Standún, sa Spidéal.

Tá Siopa Standún ainmnithe do Ghradam na ngnónna beag 2014 sa gcatagóir easpórtálaithe na bliana. Tá sladmhargadh ar siúl sa siopa ansin faoi láthair chomh maith.

Éist anois

Gráinne Bhreathnach, Seosamh O Guairm, Seosaimhin Ni Allmhuráin & Alma Nic Fhlannchadha ó Scol Phobail Mhic Dara.

Tá seacht scoláire dhéag tagtha anall ón nGearmáin le roinnt laethanta mar chuid de mhalartú scoile a bhíonn ar siúl ag scoil Phobail Charna le roinnt blianta. Bhí margadh mór na Nollag ar siúl i halla na scoile ar an gCéadaoin chomh maith agus deis ag an bpobal a theacht amach faoi choinne na hócáide.

Éist anois

Christopher O'Neill, múinteoir i Scoil Náisiúnta Thulach Uí Chadhain, Maigh Cuilinn.

Baineadh stangadh as lucht rugbaí ar fud na hÉireann agus na hEorpa Dé Domhnaigh seo caite nuair a bhuail foireann Chonnacht ridirí rugbaí na Fraince, Toulouse, ar a bhfód féin. Is dócha gur míorúilt a bheas ann má éiríonn le Connacht Toulouse a chriogadh ar an mBóthar Beag tráthnóna amárach.

Éist anois

Tomás Mac Lochlainn, ó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara.

Cothrom an lae inné, 90 bliain ó shin, 12ú Nollaig 1923 - a bunaíodh Cumann Lucht Capaillíní Chonamara agus beidh seó Nollag acu san ionad faoi dhíon i mBéal Átha na Slua amárach.

Éist anois

Katie Breathnach, bainisteoir foireann mionúr ban Micheál Breathnach.

Beidh foireann mionúr ban Mícheál Breathnach ag tabhairt a n-aghaidh ar Bhaile an Mhuilinn amárach i gcluiche ceannais peile an chontae. Is ar Pháirc Mhearaí a bheas an cluiche á imirt ag a haon déag ar maidin.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal