Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 12 Nollaig 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Máirtín Ó Catháin, iriseoir.

Tá an comhlacht Marine Harvest tosaithe ar a gcuid oibre amach ó chósta na hAirde Móire. Is é seo an chéad uair ag Marine Harvest, ceann de na comhlachtaí is mó feirmeoireachta bradán san Eoraip, iasc a chur i gcliabháin sa taobh seo tíre.

Éist anois

Eileen Nic Dhonnchadha, mír chócaireachta.

Is é dinnéar Lá Nollag atá Eileen a réiteach inniu agus í ag tabhairt eolais dúinn le haghaidh dinnéar mór na bliana a réiteach.

Éist anois

Aodh Ó Domhnaill, údar an cheoldráma LaraeDó & Sinéad Ní Uallacháin, páirteach sa gceoldráma LaraeDó.

Tá na buachaillí bó ag teacht go Gaillimh an deireadh seachtaine seo. Is dócha nach scéal nua a bheadh ansin, ach an iarraidh seo gurb iad Aisteoirí Bulfin as Baile Átha Cliath a bheas ag teacht agus ceoldráma nua nó western á chur ar stáitse sa Taibhdhearc acu. ''LaraeDó'' an dráma nua grinn atá i gceist.

Éist anois

Seán Ó Domhnaill, bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara & Mairéad Ní Chatháin, rúnaí an Choiste Cúram Leanaí.

Beidh crann Nollag i lár bhaile na Ceathrún Rua don chéad uair i mbliana agus beidh deis ag an bpobal solas a lasadh ar an gcrann dá ndaoine muinteartha. Tá an crann curtha in airde ag Coiste Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua agus beidh na soilse á lasadh ag ócáid a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh seo chugainn.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal