Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 11 Nollaig 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Frank Ó Domhnaill, Bainisteoir Chomharchumann Dhúiche Sheoigeach.

Tugadh le fios ag cruinniú cinn bhliana Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach aréir gur chaill siad os cionn 45,000 euro sna blianta 2011 agus 2012. Bhí an dream a bhí i láthair clamhsánach gur dúnadh siopa agus stór an chomharchumainn scaitheamh ó shin agus bhí siad ag iarraidh a fháil amach an mbeidh siad a oscailt aríst.

Éist anois

Bairbre Bn Uí Ailín, as Seanadh Phéistín.

Ag labhairt ar dhroichead Sheanadh Phéistín agus na deacrachtaí atá ann dá clann nuair nach bhfuil cead ag feithiclí os cionn tonna go leith meáchain a dhul air.

Éist anois

Seosamh Ó Beirgin, ball do Chonradh na Gaeilge.

Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil Comórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine, comórtas do scríbhneoirí atá os cionn ocht mbliana déag d'aois.

Éist anois

Stiofán Mac Suibhne & Aodán Mac Donncha, bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Beidh cruinniú ag comhlacht Forbartha an Spidéil Déardaoin seo chugainn, áit a mbeidh siad ag scaipeadh mapaí le hainmneacha na mbailte fearainn i gceantar an Spidéil.

Éist anois

Tríona Nic Ghiolla Choille, ón eagraíocht ''Domestic Violence Response''.

Tá sé tugtha le fios ag an eagraíocht Domestic Violence Responce'', a bhfuil a bpríomhoifig in Uachtar Ard, go bhfuil a cheithre oiread glaonna ar a gcuid seirbhísí anois agus a bhí i 2009.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal