Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 10 Nollaig 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Éamon Ó Cuív, TD.

Tá sé tugtha le fios ag an Teachta Ó Cuív, go gcaithfidh Comhairle Contae na Gaillimhe cloí le rialacha pleanála i gceantar caomhnaithe i gcás dhroichead Sheanadh Phéistín. Níl cead ach ag feithiclí atá faoi thonna go leith meáchain a dhul ar an droichead faoi láthair, rud atá ag cothú deacrachtaí go leor do mhuintir na háite.

Éist anois

An Dr. Séamus Ó Beirne.

Mír Sláinte - Is ar brú fola atá an Dr. Ó Beirne ag caint ar maidin inniu.

Éist anois

John Keane & Séamus Ó Fátharta.

Cuireadh tús aréir sa Townhouse Bar & Venue, An Póirse Spáinneach, Gaillimh leis an seó Réiltín atá á léiriú ag an gcompántas drámaíochta, Fíbín.

Éist anois

Siobhán Ní Riain, iar mhúinteoir scoile.

Tá comhlachtaí ar nós Nokia, iPhone agus IOS ag cur seirbhísí ar fáil do dhaoine nach bhfuil radharc na súl acu. Tá roinnt Appanna ag na Comhlachtaí seo ach is i mBéarla amháin atá siad. Tá Siobhán ar dhuine do na daoine a bhaineann leasa as an tseirbhís seo agus tá sí ag tosú feachtas chun an tseirbhís seo a fháil as Gaeilge.

Éist anois

Máirín O'Connell, ón eagraíocht Hand in Hand & Bridget Barker, as Leitir Móir na Coille.

Beidh na siopaí i gceardlann an Spidéil chomh maith leis an siopa caife, An Builín Blasta oscailte go dtí an 9 a chlog san oíche arú amárach, Déardaoin, an 12ú lá den mhí agus feachtas ar bun le airgead a bhailiú don eagraíocht, Hand in Hand. Eagraíocht í seo a thugann cúnamh do theaghlaigh a bhfuil ailse ar ghasúr dá gcuid.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal