Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 9 Nollaig 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seosamh Ó Cuaig, Seán Bán Breathnach, Rónán Mac Con Iomaire; Seán Ó Mainnín & Máire de Bhailís.

Dé hAoine seo caite sheol SBB an chéad leabhar ó pheann Rónáin Mhic Con Iomaire, ''Rocky Ros Muc'' - leabhar a scríobh sé faoin dornálaí Seán Ó Mainnín. I Meiriceá atá Seán Ó Mainnín faoi láthair agus chuaigh Máire de Bhailís chun cainte leis nuair a thug sí cuairt ar Bhostún le gairid.

Éist anois

Máirín Mhic Lochlainn.

Ag cur síos ar an oíche airneáin in ómós do Johnny Chóil Mhaidhc a bheas ar siúl i leabharlann na Ceathrún Rua tráthnóna amárach.

Éist anois

Niamh, Deirdre & Stiofán Ó Conghaile, as Leitir Móir.

Tá Niamh ag tabhairt bronntanais fíorspeisialta an Nollaig seo mar go bhfuil sí ag tabhairt a cuid gruaige d'fhondúireacht Rapunzel a chuidíonn le daoine a chailleann a gcuid gruaige. Tá sí ag bailiú airgid chomh maith d'Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn.

Éist anois

Sinéad Ní Ghuidhir.

Tá forbairt déanta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar áiseanna teagaisc a dhéanfaidh éascaíocht mhór i múineadh na tíreolaíochta agus na bitheolaíochta i scoileanna dara leibhéal agus iad le fáil anois mar iBooks.

Éist anois

Scoláirí Scoil Náisiúnta Cholm Cille i Ros an Mhíl.

Las na scoláirí na soilse ar chrann Nollag an raidió agus chas siad trí amhrán freisin.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal