Iris Aniar Déardaoin 5 Nollaig 2013
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Plé ar fhógra an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inné go bhfuil sé ag éirí as a phost ar an 23 Feabhra 2014. Plé freisin ar an gcreimeadh leanúnach atá á dhéanamh ar an nGaeilge i saol na hÉireann trí chéile agus go háirithe i réimse na hiriseoireachta Gaeilge.
Tá DVD den scannán iomráiteach 'Lón sa Spéir' seolta ag an gcomhlacht Sónta Teo agus é le fáil ó Chló Iar-Chonnacht agus i siopaí ar fud na tíre.
Seolfaidh SBB an leabhar Rocky Ros Muc Tigh Mhaidhcó san oíche amárach. Is é Rónán Mac Con Iomaire údar an leabhair. Bhuaigh an leabhar duais an scríbhneora nua ag comórtas liteartha an Oireachtais le gairid.
Cuirfear pictiúr a tógadh ag Oireachtas na Gaeilge i nGaillimh 100 bliain ó shin ar taispeántas buan i Halla na Cathrach inniu ag 3pm.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís