Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 4 Nollaig 2013

Éist anois

Seán Ó Cearbhaill, Dlíodóir.

Bhí Seán ag plé na ndualgas dlí atá ort dá mbeadh sé de mhí-ádh ort timpiste bóthair a bheith agat.

Éist anois

Tom Dunworth ó Rannóg Timpeallachta Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Tuigtear go bhfuil imní ar Chomhairle Contae na Gaillimhe go bhfuil daoine ag tabhairt earraí amach as cathair na Gaillimhe agus á gcaitheamh le fána in áiteacha i gConamara. Le seachtain go leith anuas, tá suíomh amháin anois atá feistithe amach le ceithre cinn de cheamaraí agus táthar ag faire daoine a bhíonn ag dumpáil bruscair do mídhleathach.

Éist anois

Frank Conroy, Ceantálaí.

Ag cur síos go 152,000 euro ar an meán atá á íoc ar thithe a bhfuil ceithre sheomra codlata iontu faoi láthair i gContae na Gaillimhe, de réir an eolais atá le fáil ar an suíomh idirlín daft.ie.

Éist anois

Treasa Mhic Dhonncha, Hoiméapat & Margaret Uí Oibicín, as Leitir Mucú.

Cuireann go leor daoine muinín sa hoiméapaite mar bhealach eile le leigheas ar chuile saghas tinneas. Ta Margaret ag déanamh cúrsa 10 seachtainí le hIonad Dea-Shláinte an Spidéil le meáchan a chailleadh.

Éist anois

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Tuairiscítear go bhfaigheann 46 duine bás i ndóiteáin chuile bhliain in Éirinn. Faraor, is féidir cuid de na tragóidí seo a sheachaint ach aláram deataigh a bheith feistithe amach i do theach.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal