Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 3 Nollaig 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Áine Uí Almhain, cathaoirleach Chomhar Chaomháin, Inis Oírr & Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann.

Ag labhairt faoi go bhfuil dhá ghradam idirnáisiúnta Liv.Com buaite ag Muintir Inis Oírr thall sa tSín.

Éist anois

Breandán Ó hEaghra, ó Meas Media; John Keane, aisteoir agur scríbhneoir; Danny de Bhailís, ealaíontóir & Séamus Ó Fáharta, aisteoir.

Cuireadh tús le grúpa gníomhaíochta ealaíne, Na Cloigne Dána, ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo caite, chun imeachtaí ealaíne a chur chun cinn sa gceantar ar bhonn neamhspleách, ó cheann ceann na bliana.

Éist anois

Micheál Mac Donnacha, Oifigeach Faisnéise Saoránaigh.

Is ag caint ar liúntas teasa, pinsean na hÉireann agus pinsean Shasana atá Micheál inniu. Thug sé le fios gur féidir leat liúntas teasa a fháil as Sasana chomh maith má bhí tú ag obair i Sasana agus tú ag cur suas stampaí.

Éist anois

Bernie Ó Conaill, Cathaoirleach Chumann Sacair na Gaillimhe & Seán Bán Breathnach.

Seoladh an club nua sacair, Club Sacair na Gaillimhe, go hoifigiúil aréir. Beidh an club nua ag imirt i Roinn 1 i sraith sacair na hÉireann an bhliain seo chugainn. Is é John Delaney, Príomhfheidhmeannach Chumann Sacair na hÉireann (FAI) a rinne an seoladh.

Éist anois

Fergus McGinn, Bainisteoir Tigh Mhonroe & Veronica Ní Ghríofa.

Tá féilire breá déanta ag foireann Tigh Mhonroe le airgead a bhailiú do Chúram Ailse an Iarthair. Is iad foireann agus bainistíocht Tigh Mhonroe, idir fhir agus mhná, atá ina mainicíní sna pictiúir.

Éist anois

An Dr. Séamus Ó Síocháin, Léachtóir Sinsearach san Antraipeolaíocht, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.

Tabharfaidh Séamus léacht in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua anocht mar chuid d'imeachtaí Chumann Béaloidis Chonamara. Ruairí Mac Easmainn agus Iarthar na hÉireann teideal na léachta.

Éist anois

Pat Feirtéar, iar-bhleachtaire agus iar-Gharda agus gníomhaí le Cumann Lúthchleas Gael.

Tá Cumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe tar éis a fhógairt gurb é Pat Feirtéar a bhéas ag fáil gradam Pa Griallais na bliana seo. Bronntar an gradam seo chuile bhliain ar dhuine éigin a mbíonn obair mhór déanta aige ar son an Chumainn.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal