Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 2 Nollaig 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Niamh Ní Chualáin; Colman Ó Flatharta, traenálaí Chlub Dornálaíochta Chonamara; Pádraic Ó Cualáin & Deirdre Uí Chualáin.

Bhí tinte cnámh lasta agus slua mór i láthair ag Club Dornálaíochta Chonamara san oíche Dé Sathairn le fáilte abhaile a chur roimh Niamh agus í tar éis Craobh Idirmheánach na hÉireann a bhaint amach sa réimse 70 kilo, sa Stáid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath oíche Dé hAoine.

Éist anois

Máirtín Breathnach, urlabhraí thar ceann Bhord Iascaigh Mhara & Peadar Ó Maoláin, urlabhraí thar ceann na heagraíochta, Salmon Watch Ireland.

Tá sé tugtha le fios ag Coimisiún na hEorpa go bhfuil fiosrúchán a bhí ar bun roimhe seo faoi mhíolta farraige ar fheirmeacha bradán agus an chaoi a ngoilleann siad ar an mbradán fiáin, le hathoscailt.

Éist anois

Michael McCann, Uachtarán Limistéir na Gaillimhe Naomh Uinseann de Pól & Máirín Ní Nualláin, síceolaí.

Tá sé tagtha chun solais go bhfuil ardú 40% ar líon na ndaoine atá ag lorg cabhrach ón Eagraíocht Naomh Uinseann de Pól i gcathair na Gaillimhe. Tá ábhar machnaimh ag Máirín Ní Nualláin maidir leis an mbrú agus an strus a bhíonn ar dhaoine an t-am seo den bhliain agus an Nollaig ag teannadh linn.

Éist anois

Jimí Joe Shéamuis Ó Fátharta, ó Chumann Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach.

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, le gairid go bhfuil sé ag bronnadh os cionn 18,000 euro ar Chumann Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcuid áiseanna ag an bpinniúr ar an gCnoc.

Éist anois

Domhnall, Bríd & Peadar Ó Conghaile, Gleann Chatha.

Bhí muintir Ros Muc an-bhródúil oíche Dé hAoine seo caite mar bhí leaid óg as Gleann Chatha i Ros Muc ar chlár bréagán an Late Late Show agus é ag déanamh léirmheas ar an XBOX 1 atá nua ar an margadh faoi láthair.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh & Séamus Devaney, damhsóir as an Aird Mhóir.

Is ar Shéamus a bronnadh an gradam ''Laoch Mór Chonamara'' ag Féile Thír na nÓg ag an deireadh seachtaine.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal