Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 29 Samhain 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seán Ó Conghaile ón eagraíocht Coiste Cearta Chonamara.

Iontas ar an Aire Phil Hogan nach bhfuil iarratas déanta ar a Roinn ag Comhairle Contae na Gaillimhe faoi bhriogáid dóiteáin a lonnú i gConamara Theas.

Éist anois

Áine Uí Almhain, Cathaoirleach bhord bainistíochta Chomhar Chaomháin, Inis Oírr.

Muintir Inis Oírr sa tSín. D'éirigh le trí áit in Éirinn dul tríd go dtí comórtas craoibhe Livcom a bheidh ar siúl i gcathair Xiamen sa tSín ón 28 Samhain go dtí 2 Nollaig, ina gcuireann pobail síos ar a bhfuil ar siúl acu ó thaobh timpeallachta.

Éist anois

Eilís Ní Chonghaile, Príomhoide Scoil an Bhaile Nua i Maigh Cuilinn.

Beidh sé ina cheiliúradh ag scoil an Bhaile Nua i Maigh Cuilinn inniu mar go bhfuil brat glas le hardú ag an scoil ansin, chomh maith le caoi a bheith curtha ar charrchlós agus ar chosán do choisithe.

Éist anois

Niamh Ní Chualáin & Coleman Ó Flatharta.

Tá Niamh ag troid anocht sa staid náisiúnta agus beidh na babhtaí le feiceáil beo ar TG4.

Éist anois

Aoife Ní Laoi.

Oíche mhór damhsa ar siúl in Óstán Theach an Stáisiúin ar mhaithe le hIonad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe.

Éist anois

Collette Bhreathnach.

Rinne Collette Bhreathnach agus a clann as an gCeathrú Rua ó dhúchas (Colette Ní Ghríofa roimh phósadh di) cur síos ar an saol nua atá aici féin agus ag a fear Ciarán (as an gCnoc, Indreabhán) agus a gceathrar clainne ó chuaigh siad ar imirce go Ceanada an t-am seo anuraidh.

Éist anois

Breandán Ó Scanaill.

Bronnadh Gradam don Siopa Leabhar is fearr sa tír ar Shiopa Leabhar an Chlocháin ag ócáid a bhí i mBaile Átha Cliath tráthnóna arú aréir.

Éist anois

Jackie Uí Chionnaith & Seosamh Ó Cuaig.

Thug Jackie Uí Chionnaith píosa cainte faoin bhfear mór le rá, Máirtín Mór Mac Donnchadha agus rinne Seosamh Ó Cuaig ceangal idir an píosa cainte sin agus an scríbhneoir, Tomás Ó Flatharta as Árainn.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal