Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 27 Samhain 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Peadar Ó Cualáin; Morgan Ó Conchubhair; Aodán Mac Donncha & Liam Ó Cualáin.

Peadar Ó Cualáin; Morgan Ó Conchubhair; Aodán Mac Donncha & Liam Ó Cualáin.

Bhí cruinniú sa Spidéal aréir faoi dhabhchanna séarachais. Moladh ag an gcruinniú brú a choinneáil ar an gComhairle Contae le go gcuirfí córas ceart séarachais ar fáil don cheantar, ar bhonn práinne.

Bríd Ní Nia, as Ros Muc & Liam Ó Conaire, iarfhear dóiteáin, as Ros Muc ó dhúchas.

Bríd Ní Nia, as Ros Muc & Liam Ó Conaire, iarfhear dóiteáin, as Ros Muc ó dhúchas.

Tá an galar fiobróis chisteach ag dul do Bhríd agus tá sí san ospidéal faoi láthair. Chaith Liam Ó Conaire blianta fada ag obair leis an tseirbhís múchta tine i nGaillimh. Chuir sé síos ar na féilirí agus an feachtas atá ar siúl acu ar mhaithe le hairgead a chruinniú do thogra Fiobróis Chisteach na Gaillimhe.

Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir.

Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir.

Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh le hÚdarás na Gaeltachta a cheistiú faoin imní atá air, faoina bhfuil i ndán don chomhlacht, Ealaín na Gaeltachta, mar gheall ar na comhráite a bhí aige le Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Orlaith McBride.

Conall Ó Murchadha.

Conall Ó Murchadha.

Tá Cumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige ag eagrú ócáid i gColáiste Chonnacht san oíche amárach 28ú Samhain ina mbeidh Conall Ó Murchadha ag tabhairt léachta dar teideal 'Ginealas an Spidéil'.

Bróna Ni Choileáin, Cathaoirleach Chumann Shóisialta na Mac Léinn & Treasa Uí Lorcáin, Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochta.

Bróna Ni Choileáin, Cathaoirleach Chumann Shóisialta na Mac Léinn & Treasa Uí Lorcáin, Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochta.

Tá maidin chaife á heagrú ag Cumann Sóisialta na Mac Léinn i gcomhair le hAcadamh na hOllscolaíochta ar an gCeathrú Rua amárach. Is ar mhaithe le ciste tacaíochta Katie O'Halloran atá an mhaidin chaife ar siúl.

Nuala Ní Chonchubhair, ó bhialann Mulberry i mBearna.

Nuala Ní Chonchubhair, ó bhialann Mulberry i mBearna.

Ag labhairt faoi go mbeidh an bialann ag seoladh a mbiachlár nua sláintiúil ansin ag 7.30 trathnóna Dé Domhnaigh áit a mbeidh saineolaí cothúcháin ag tabhairt eolais faoin gcineál beatha ba cheart dúinn a bheith ag ithe, agus tá sé ar fad ar mhaithe leis an gcarthanacht Cumann Ailse na hÉireann.

Anne Ní Mhainnín as an Máimín & Bernie Seoighe as Ros Muc.

Anne Ní Mhainnín as an Máimín & Bernie Seoighe as Ros Muc.

D'oscail an siopa Nollag thuas staighre i stáisiún Texaco ar an Spidéal Dé Sathairn seo caite. Chuir Anne agus Bernie síos ar na hearraí atá acu féin sa siopa.

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís