Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 26 Samhain 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Contae.

Bhí cruinniú míosúil Chomhairle Contae na Gaillimhe ar siúl inné. Rinneadh plé ar bhriogáid dóiteáin do Chonamara ag an gcruinniú. Tharraing an comhairleoir Ó Tuairisg, scéal dhroichead Sheanadh Phéistín anuas ag an gcruinniú freisin. 

Éist anois

An Dochtúir Séamus Ó Beirn, mír rialta sláinte.

Mír Rialta Sláinte - chúrsaí brú fola agus galair chroí a pléadh ar an gclár inniú. 

Éist anois

Catherine Uí Shíordáin, altra leis an eagraíocht Croí.

Ag labhairt faoi go bhfuil Croí ag eagrú oíche eolais don phobal maidir le cúrsaí colaistéaróil ar an gCéadaoin seo in ionad nua Croí i nGaillimh. 

Éist anois

Sorcha Ní Chéilleachair, ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta.

I mbliana, den chéad uair, ba mhaith le Daidí na Nollag go dtabharfadh Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh dó litreacha uile ghasúir Chonamara a chruinniú le chéile agus a chur chuige, ionas go mbeidh sé in ann iad ar fad a fhreagairt arais i nGaeilge.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Ag cur síos ar scéal Lee Harvey Oswald.

Éist anois

Seán Ó Cionfhaola ó Ghaeilge Mhaigh Eo.

Tá oíche mhór cainte, scléipe agus ceoil á heagrú ag Conradh na Gaeilge Chaisleán an Bharraigh chomh maith le togra Mhaigh Eo. Beidh an ócáid ar siúl san Welcome Inn anocht agus bronnfar Gradam ar Mháirtín Tom Sheáinín le linn na hócáide.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal