Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 22 Samhain 2013

Éist anois

Majella Ní Chríocháin, Príomhfheidhmeanach Chomhar na nOileán; Trevor Ó Clochartaigh, seanadóir & Seán Kyne, TD.

Ní mó ná sásta atá Comhar na nOileán faoin scéala atá faighte acu ón Roinn Comhshaoil go bhfuil an ciste don Chlár Forbartha Tuaithe (Clár LEADER), roinnte go náisiúnta. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil aon phingin fanta anois ag Comhar na nOileán le haon togra eile a cheadú.

Éist anois

Bairbre Uí Choisdealbha, ár dtuairisceoir.

Tá Bairbre ar an gCeathrú Rua ar maidin, áit a bhfuiltear ag súil le hAire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, leis an oscailt oifigiúil a dhéanamh ar an Ionad nua ''An Crompán''.

Éist anois

Eoin Ó Flatharta, ón gcomhlacht ''Soweasygrow'' & Séamas Mac Cathmhaoil ón gcomhlacht táirgí áilleachta, Rí na Mara.

Beidh margadh na Nollag á oscailt ar an bhFaiche Mhór anocht agus is é an Taoiseach, Enda Kenny, a bheas ina aoi speisialta ag an ócáid.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Is é inniu cothrom an lae ar maraíodh an tUachtarán John Fitzgerald Kennedy in Dallas, Texas, agus tá Máirtín ag leanúint leis an scéal inniu agus é ag cur síos ar Lee Harvey Oswald agus an leabhar ''Killing Kennedy''.

Éist anois

Máire Uí Ruadháin, iarbhainisteoir Ionad Deirbhile ar an Eachléim in iarthuaisceart Mhaigh Eo.

Bronnfar an gradam ''Pearsa Mhaigh Eo'' ar Mháire Uí Ruadháin, ag ócáid a bheas ar siúl i gCaisleán an Bharraigh anocht.

Éist anois

Seán Ó Domhnaill, Colm Mac Donnacha, Tomás Mac Con Iomaire & Mairéad Uí Chatháin, ó Comharchumann Mhic Dara.

Ag cur síos go bhfuil an réiteach ar fad déanta anois le oscailt oifigiúil a dhéanamh ar ''An Crompán'' ar an gCeathrú Rua.

Éist anois

Breandán Ó hEaghra, stiúrthóir ''Féile Béal'' ar an gCeathrú Rua.

Ag cur síos ar an bhFéile a bheas ar siúl ar an gCeathrú Rua an deireadh seachtaine seo. D'fhógair Breandán buaiteoir an chomórtas véarsaíochta in ómós do Thomás Mac Eoin.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal