Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 20 Samhain 2013

Éist anois

Seosamh Ó Cuaig as Aill na Brún.

Ag aithris an véarsa atá cumtha aige in ómós do Thomás Mac Eoin.
Éist anois

Máirtín Ó Laoi, oifigeach caidrimh phoiblí scéim uisce Loch Thoirbirte.

Tá táille uisce na bliana seo íoctha anois ag 300 líon tí as na 500 a bhfuil baint acu le scéim uisce Loch Thoirbirte agus Leitir Mealláin. Tabharfar lascaine do dhaoine a mbeidh a gcuid táillí reatha íoctha acu roimh thráthnóna inniu.
Éist anois

Karina Ní Fheiritéar, ag plé le cúrsaí léiriúcháin le Cúla4 in TG4 & Fionnuala Uí Neachtain & Máirín Uí Dhomhnaill, as Tír an Fhia.

Le gairid tá tús curtha aice le gnó eile taobh amuigh dá cuid oibre, is é sin ag plé le smideadh. Bhain sí céim amach in Ealaín i gCorcaigh, agus fuair sí gradam dá péintéireacht ann. Tá sí ag cur smididh ar Fhionnuala ar maidin. Tá Máirín Uí Dhomhnaill, as Tír an Fhia ag aithris dáin in ómós do Thomás Mac Eoin.
Éist anois

Mairéad Ní Laoi Cluskey, cathaoirleach nua ar an eagraíocht OBAIR D'ÓGRA ÉIREANN.

Tá blianta caite aici ag obair go deonach leis an eagraíocht i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Oibríonn OBAIR D'ÓGRA ÉIREANN le os cionn deich míle agus trí scór déagóir, ar fud na tíre. Chuir Mairéad síos ar an obair a bhíonn ar siúl acu.
Éist anois

Tom Hyland, Féile Eolaíochta & Teicneolaíochta na Gaillimhe; Cathy Ní Chonghaile & Peadar Ó Ráinne, Scoil Mhuire Ros Muc & gasúir ón scoil.

Tá féile Eolaíochta agus Teicneolaíochta na Gaillimhe faoi lánseol i gcathair na Gaillimhe le seachtain anois, agus beidh taispeántas mór in Ollscoil na hÉireann Gaillimh le clabhsúr a chur léi Dé Domhnaigh seo chugainn. Bhuaigh Scoil Mhuire an chéad áit sa chomórtas Real Life Science le gairid.
Éist anois

Treasa Ní Cheannabháin; Máirín Uí Chathasaigh & Liam Ó Duinn.

Chuala muid Treasa, Máirín agus Liam ag aithris an phíosa filíochta a chum siad in ómós do Thomás Mac Eoin.
Éist anois

Máire Treasa Ní Dhubhghaill ó TG4.

Tá Aip nua eile do pháistí agus d'fhoghlaimeoirí Gaeilge seolta ag TG4. ''Cúlchaint 3'' atá ar an aip nua seo agus chuir Máire Treasa síos air do Mháirín.
Éist anois

Karina Ní Fheiritéar & Fionnuala Uí Neachtain.

Tá Karina agus Fionnuala ar ais agus is cinnte gur álainn atá Fionnuala ag breathnú agus Karina tar éis a cuid smididh a chur uirthi.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal