Iris Aniar Dé Máirt 19 Samhain 2013
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Cuireadh tús leis an gcigireacht ar dhabhchanna séarachais i gceantar an Spidéil an tseachtain seo caite. Nócha ocht dabhach séarachais an sprioc atá leagtha amach ag Comhairle Contae na Gaillimhe le scrúdú a bheith déanta orthu faoi mhí Iúil na bliana seo chugainn.
Tá Micheál ag caint ar íocaíochtaí i gcás riachtanais eisceachtúla ar maidin.
Tá cosc curtha ar fheithiclí atá níos mó ná tonna go leith meáchain, dul ar dhroichead Sheanadh Phéistín. Dúirt an stiúrthóir seirbhísí atá i gceannas ar bhóithre i gContae na Gaillimhe, Frank Gilmore, go bhfuil an droichead i Seanadh Phéistín i ndroch-chaoi agus nach raibh aon rogha acu ach an cosc a chur i bhfeidhm.
D'fhógair an Teachta Dála Seán Kyne inné go bhfuil sé tugtha le fios ag an Taoiseach dhó, go bhfuil dhá mhilliún, le cur ar fáil as an Státchiste le caitheamh ar Ionad Cuimneacháin an Phiarsaigh i Ros Muc. Cuirfear leathmhilliún euro ar fáil an chéad bhliain eile, milliún sa mbliain 2015 agus leathmhilliún eile sa mbliain 2016.
Tá chuile dhuine ar an aimsir seo ag iarraidh a bheith tíosach agus san am céanna ag iarraidh a bheith ag coinneáil costais íseal. Cén chaoi ar féidir le duine maireachtáil ar fiche cúig euro in aghaidh na seachtaine agus beatha fholláin a ithe.
Beidh Gearóid ag tabhairt léachta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua anocht mar chuid d'imeachtaí Chumann Béaloidis Chonamara.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís