Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Luain 18 Samhain 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Máirtín Ó Catháin, iriseoir.

Ag coinbhinsiún Fhine Gael san Boat Inn in Uachtar Ard san oíche Dé hAoine, roghnaíodh triúr iarrthóirí le bheith san iomaíocht don pháirtí sna toghcháin áitiúla i dtoghcheantar Chonamara an chéad bhliain eile.

Breandán Ó hEaghra, Stiúrthóir Fhéile Béal; Tomás Mac Con Iomaire; Danny de Bhailís & John Beag Ó Flatharta.

Beidh an fhéile BÉAL: Comhdháil na Lúibíní ar siúl ar an gCeathrú Rua an deireadh seachtaine seo chugainn. Féile í seo a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona béil, ar nós agallamh beirte, lúibíní agus scéalaíocht.

Márín Ní Nualláin, síceolaí.

Is é an t-ábhar machnaimh atá ag Máirín ná an meas agus an bród atá ag an duine ar a theanga agus a thraidisiún agus céard a tharlaíonn má chailleann cine a dteanga féin.

Máirín Ní Choisdealbha Seoighe, oifigeach forbartha le Forbairt Chonamara Láir.

Tá fadhb uafásach le bruscar i gceantar an Chnoic Bhuí i gCarna agus tá sé seo ag cur isteach go mór ar an iarracht atá ar bun ag Coiste Pobail Charna marcanna a fháil i gcomórtas na mbailte slachtmhara.

Darach Ó Tuairisg, ó Fíbín Teo.

Tá Fíbín Teo ag dul ar chamchuairt timpeall na tíre faoi láthair leis an dráma 'An Triail' le Mairéad Ní Ghráda.

Tara Nic Diarmada, tearmann gadhar MADRA.

Tá brú aisteach tagtha le seachtain ar na seirbhísí a chuireann an tearmann gadhar MADRA ar fáil.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís