Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 15 Samhain 2013

Éist anois

Dr. Pádraig Ó Duibhir, ó Choláiste Phádraig, Droim Conrach.

Léiríonn tuarascáil an Phríomhchigire 2010-2012 a foilsíodh le gairid, go bhfuil teagasc agus foghlaim na Gaeilge míshásúil i 25% de na ceachtanna Gaeilge ar déanadh cigireacht orthu i mbunscoileanna na tíre agus deirtear ann freisin gurb é an Béarla is mó atá á labhairt ag na gasúir le chéile taobh amuigh den rang Gaeilge i scoileanna.
Éist anois

Iseult Mangan, Príomhoide Scoil an Chlocháin i dTuaim.

Cé go bhfuil deacrachtaí móra le teagasc agus foghlaim na Gaeilge sa gceathrú cuid de bhunscoileanna na tíre, tá an-tóir agus an-éileamh i gcónaí ar an oideachas trí Ghaeilge i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht.
Éist anois

Gabriel Ó Fátharta, ón gcomhlacht Cáis Gabhair Árainn.

Tá Bord Fiontar Chontae agus Chathair na Gaillimhe i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Galway Advertiser le hAonach Beatha agus Ceardaíochta a eagrú sa Dubhlann i nGaillimh amárach agus arú amárach. Beidh os cionn ceathracha seastán ag an aonach.
Éist anois

Ruairí Ó Néill, Bainisteoir Chomhar Creidmheasa Cholm Cille.

Tá go leor cainte déanta le laethanta faoi chomhar creidmheasa an Droichid Nua agus an Banc Ceannais tar éis é a thógáil ar lámh. Rud atá ag déanamh imní do dhaoine a bhfuil cuntais acu agus an chloch is mó ar a bpaidrín acu ná fáil amach an bhfuil a gcuid airgid sábháilte.
Éist anois

Niamh Ní Chualáin, as Cladhnach.

Bronnadh scoláireachtaí agus duaiseanna ar scoláirí as ollscoileanna agus as coláistí ar fud na tíre ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tseachtain seo. Bronnadh scoláireacht spóirt ar Niamh agus chuir sí síos uirthi do Mháirín.
Éist anois

Francis Duggan a chaith tréimhse sna hoileáin Fhilipíneacha ag obair leis an gcarthanacht SERVE.

Seachtain is an lá inniu a tharla an tíofún Haiyan sna hOileáin Fhilipíneacha. Níl a fhios cén scrios atá déanta aige agus tuairiscítear go bhfuil idir dhá mhíle agus cheithre mhíle duine básaithe dá bharr.
Éist anois

Mairéad Ní Oistín, ó Údarás na Gaeltachta.

Beidh ionadaithe ó Shaotharlann Chonamara i Ros Muc, ó Crévinn Teoranta sa Spidéal agus as SELC Teo. i mBéal an Mhuirthead i Maigh Eo, chomh maith le hionadaithe ó 3 chomhlacht eile de chuid Údarás na Gaeltachta agus ionadaithe ón Údarás fhéin, ag dul go Philadelphia Mheiriceá an tseachtain seo chugainn ar thuras trádála.
Éist anois

Máirtín Ó Dubhghaill, ó Chumann Iomána Cailíní Chois Fharraige & Ciarán Breathnach, leaschathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael an Spidéil.

Beidh cailíní faoi ocht déag chumann Iomána Chois Fharraige i gcluiche Ceannais Mionúir 'C' an Chontae Dé Domhnaigh agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar Áth Eascrach/Cealtrach. Beidh foireann sóisir an Spidéil ag tabhairt a n-aghaidh ar Naomh Seosamh/Cealtrach i gcluich ceannais sóisir Chonnacht amárach.
Éist anois

Páid Ó Neachtain, Oifigeach Forbartha Gaeilge na Comhairle Contae.

In Óstán na Páirce san oíche Dé Máirt seo chugainn, fógrófar buaiteoirí an chomórtais 'Stéibh 2013' agus seolfar dlúthdhiosca a bhfuil cúig amhrán déag as trí scoil dhéag as Conamara agus Árainn le cloisteáil air.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal