Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 14 Samhain 2013

Éist anois

Seán Ó Coisdealbha, príomhfheidhmeanach Mhuintearas.

Dhearbhaigh Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh acu ar chlár oibre Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Óige na Gaeltachta agus Mhuintearas. An comhlacht comhairleoireachta, Gilroy Gannon as Sligeach atá fostaithe acu leis an obair a dhéanamh.
Éist anois

Treasa Ní Cheannabháin, as Bearna & Michael Bharry Ó Flatharta, saineolaí ar chúrsaí ríomhaireachta.

Bhí Treasa ag cur síos gur briseadh isteach ina cuntas ríomhphoist agus seoladh teachtaireachtaí amach as, lena hainm ag lorg airgid. Bhí Michael ag tabhairt eolais, céard is ceart a dhéanamh le do chuid dindiúirí a choinneáil sábhailte ar an idirlíon.
Éist anois

Tomás Ó Fátharta, feirmeoir.

Tá imní mhór ar fheilméaraí san Iarthar de bharr an scéil go bhfuil glacadóir ceaptha sa gcomhlacht TLT idirnáisiúnta. Seo iad an comhlacht a bhíodh ag easpórtáil beithígh na tíre seo thar lear.
Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Bhí sé ag caint ar dhúnmharú John F. Kennedy cothrom an ama seo leathchéad bliain ó shin ar 22 Samhain, 1963 agus faoi Lee Harvey Oswald an fear a rinne an dúnmharú i Dallas, Texas, más fíor.
Éist anois

Patricia Ní Mhistéal, ó shiopa bláthanna Uí Mhistéil.

Beidh bláthanna Uí Mhistéil ag aistriú isteach in ionad nua trasna ó Tigh Mhicí ar an gCeathrú Rua amárach agus chuir Patricia síos ar an siopa nua.
Éist anois

Máirín Ní Chonghaile, bainisteoir naíolann na nOileán.

Bhí Máirín ag cur síos ar an Boston Tea Party a bheidh ar siúl oíche Dé hAoine, 22 Samhain, ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Naíolann na nOileán. Chuir sí síos chomh maith ar na ranganna cócaireachta atá ar siúl acu. Thug sí le fios go bhfuil laghdú tagtha ar thinreamh na Naíolainne.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal