Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 12 Samhain 2013

Éist anois

Sinéad Ní Neachtain, Oifigeach Margaíochta leis an gComhlacht Alison atá bunaithe ar eastát na Páirce Móire i nGaillimh.

Tá duais idirnáisiúnta i Nuálaíocht Domhanda in Oideachas grúite ag comhlacht Alison, Gaillimh. Bronnadh an duais seo ar cheannasaí an chomhlachta, Mike Feerick, as Contae Mhaigh Eo an tseachtain seo caite. Chuir Sinéad síos ar an gcomhlacht agus céard go díreach a bhíonn á dhéanamh acu.
Éist anois

Séamus Jaimsie Ó Flatharta, as Inis Mór.

Bhí ríméad ar dhaoine in Inis Mór i rith an tsamhraidh nuair a cuireadh tús leis an obair le píosa a chur le Reilig Chnocán na mBan in aice le Cill Mhuirbhigh. Tá an obair críochnaithe anois ar an reilig, ach níl an coiste sásta le balla singil atá déanta ag an Comhairle Contae mar go gceapann siad nach bhfuil sé sábháilte.
Éist anois

An Dr. Séamus Ó Beirne, mír rialta sláinte.

Is ar antaibheathaigh (frithbheathaigh) a bhí an Dr. Ó Beirne ag caint ar maidin.
Éist anois

Christine Ní Chonchubhair, ón gcomhlacht Gréasán na Meáin.

Tá Gréasán na Meán ag fógairt scéime nua le deis a thabhairt do scríbhneoirí forbairt a dhéanamh ar scripteanna agus script uair an chloig a réiteach don teilifís.
Éist anois

Máirín Uí Chomáin, cócaire.

Tá leabhar nua cócaireachta le Máirín Uí Chomáin le foilsiú go gairid. 'Celebrating Irish Salmon' is teideal don leabhar agus tá suas le céad oideas bradán sa leabhar ó chócairí aitheanta chomh maith le hoidis ó Mháirín fhéin.
Éist anois

Micheál Mac Donnacha, Comhairleoir Contae le Sinn Féin agus údar.

Tá leabhar nua scríofa ag Micheál dár teideal 'Lockout 1913 - Austerity 2013'. Tabharfaidh Micheál léargas ar a bhfuil sa leabhar ag léacht nó caint phoiblí a bheas i Seanscoil Sailearna tráthnóna amárach ag 8.00in.
Éist anois

Gearóid Ó Murchú, úinéir an Spailpín Fánach, sa Spidéal.

Tá duais idirlín de chuid na WEB AWARDS buaite ag an gcomhlacht An Spailpín Fánach, sa Spidéal. Fuair siad an duais i rannóg na Gaeilge, don suíomh idirlín is fearr.
Éist anois

Jimí Joe Shéamuis Ó Fátharta, ó Chumann Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach.

Tá an obair athchóirithe tosaithe ar phinniúr liathróid láimhe Mhicheál Breathnach ar an gCnoc, Indreabhán, ó mhaidin inné agus obair mhór ar siúl ansin, rud a chiallaíonn go mbeidh an pinniúr dúnta ó thaobh imeartha dhó, go ceann míosa.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal