Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 11 Samhain 2013

Éist anois

Daithí Ó Cualáin; Seosamh Ó Cualáin; Seán Kyne, TD & Vox Pop ón gcruinniú le Nuala Ní Chonghaile.

Bhí dhá chéad duine i láthair aréir ag cruinniú poiblí a d'eagraigh Coiste Cearta Chonamara in Óstán an Dóilín ar an gCeathrú Rua le tuairimí an phobail a fháil faoin gcéad chéim eile sa bhfeachtas atá ar bun le seirbhís dóiteáin a chur ar bun i gceantar Chonamara. Bhí go leor daoine a bhí i láthair aréir an-mhíshásta leis na comhairleoirí contae.
Éist anois

Éamon Ó Cuiv, TD.

Bhí Éamon ag an gcruinniú poiblí in Óstán an Dóilín aréir freisin agus chuir sé síos air do Mháirín. Bhí sé fhéin agus triúr Teachtaí Dála eile in Albain ag deireadh na seachtaine le staidéar a dhéanamh ar an gcaoi is fearr le breathnú amach do na hiascairí agus do na pobail cois cósta.
Éist anois

Gearóid Ó Dúbháin, as an Aird Mhóir, damhsóir ar an sean-nós.

Bhí sé féin ag an Oireachtas i gCill Airne agus is ann a sheol sé DVD nua teagaisc a mhúineann ceithre steip damhsa ar an sean-nós. Chuir sé síos ar an DVD agus ar an damhsa.
Éist anois

Rónán Ó Conghaile, as Leitir Móir na Coille; Pádraic Ó Ceannabháin, as an Aird & Michael Pheaits Ó Cualáin, as an Teach Mór ó dhúchas.

Fuair Rónán an dara háit sa gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós idir chuig bliana déag agus ocht mbliana déag ag an Oireachtas i mbliana. Fuair Pádraic an chéad áit i gCorn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara. Is é Micheál a fuair an dara háit i gCorn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal