Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 8 Samhain 2013

Éist anois

Seosamh Ó Cuaig, Comhairleoir Contae & Catherine Connolly, Comhairleoir Cathrach.

Taispeánann figiúirí nua a tháinig amach inné go raibh 3,500 aonad cónaithe de chuid na gcomhairlí contae nó na gcomhairlí cathrach ar fud na tíre fágtha folamh, le mí nó os a chionn. I gcathair na Gaillimhe, tá 75 teach de chuid na comhairle fágtha folamh tráth a bhfuil 3,500 teaghlach ag fanacht le teach.
Éist anois

Ciarán Breathnach, duine d'imreoirí an Spidéil.

Beidh iománaithe sóisir an Spidéil ag imirt i gCluiche Ceannais Sóisir a hAon an Chontae i Stáid an Phiarsaigh amárach ag a dó a chlog. Foireann as tuaisceart na Gaillimhe, Béal Átha Ghártha, a bhéas ina gcoinne.
Éist anois

Seán Ó Flatharta, Bainisteoir Ionad Lae agus Teach Altranais Charna.

Tá buiséad ag Tearmann Éanna le haghaidh Aláram Slándála a chur ar fáil do dhaoine aosta ó Choill Sáile siar go Carna. Rinne Seán cur síos ar céard atá i gceist leis an Aláram Slándála seo.
Éist anois

Naisrín Elsafty, as Bearna & Bríd Treasa Ní Ghuithín, as an Sruthán, An Cheathrú Rua.

Is í Naisrín a fuair an dara háit i gcomórtas na mBan ag an Oireachtas i gCill Airne agus is í Bríd Treasa a fuair an dara háit i gcomórtas cáilithe na mBan faoi 35 bliain.
Éist anois

An tAthair Eddie Bheairtle Ó Conghaile.

Is é oíche Dé Domhnaigh oíche Fhéile Mártan agus ba mhór i gceist í sa tseanaimsir. ''Naoi n-oíche agus oíche gan áireamh ó oíche sclafa na n-úllaí go dtí oíche sclafa na gcnámh''.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal