Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 7 Samhain 2013

Éist anois

Cormac Ó Dálaigh, Uachtarán Cheardchumann na nOibrithe Cumarsáide sa bPost.

Plé ar an gcinneadh atá déanta ag an bPost go mbeidh ar oibrithe an phosta sa Spidéal a dhul isteach go Gaillimh le posta an cheantair a fháil agus a shórtáil istigh.
Éist anois

Aoife Ní Laoi, ó Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe.

Léiríonn an Tuarascáil bhliantúil atá eisithe ag Ionad Éigeandála Um Éigniú na Gaillimhe go bhfuil méadú an-mhór tagtha ar líon na ndaoine atá ag iarraidh cúnaimh ón eagraíocht i nGaillimh.
Éist anois

Fearghus Mac Lochlainn, Príomhoide Scoil Sailearna & scoláirí ó Scoil Sailearna.

D'éirigh thar cionn le gasúir ó Scoil Sailearna ag Oireachtas na bliana seo i gcomórtas na n-agallamh beirte.
Éist anois

Bróna agus Páid Ó Neachtain, as an Spidéal.

Ghnóthaigh Bróna agus Páid an chéad áit i gcomórtas na n-agallamh beirte ag an Oireachtas. ''An Suirbhé'' an t-ainm atá ar an agallamh beirte agus is é Joe Steve a scríobh é.
Éist anois

Pádraic Ó Ciardha, leascheannasaí TG4.

Tá áis nua tharraingteach curtha ar fáil ag TG4, a sheol siad ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Tá rogha iontach de na taifeadtaí sean-nóis atá craolta ar TG4 féin ar fáil den chéad uair anois ar líne, idir chláir agus bheochraoladh Oireachtais.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal