Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 5 Samhain 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Darina Nic Con Iomaire, príomhoide Ghaelscoil Mhic Amhlaigh agus comhalta de Bhord Údaras na Gaeltachta.

Chuir Darina rún os comhair cruinniú boird de chuid Údarás na Gaeltachta a bhí ar bun Dé hAoine seo caite, go ndéanfadh an tAire Gaeltachta athbhreithniú ar an gcinneadh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta a ligean le sruth.

Aodán Mac Donncha, bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Tá sé tugtha le fios ag Príomhfheidhmeannach an Phoist, Dónal Connell don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin nach mbeidh aon laghdú ó thaobh na Gaeilge de ar an tseirbhís posta a bheas ar fáil i gceantar an Spidéil.

Cóilín Ó Neachtain, ár dtuairisceoir i mBostún ag Toghchán Mhéara Bhostúin.

Bhí cúpla míle duine i láthair ag slógadh polaitíochta don iarrthóir do thoghchán ar Mhéara Bhostúin aréir. Chuir siad síos ar an obair atá déanta sa bhfeachtas agus ar an méid a bheidh le déanamh inniu agus daoine ag dul amach ag vótáil.

Tommy Breathnach, as Roisín na Mainiach.

De bharr obair fheabhsúcháin atáthar a dhéanamh ar an gcóras SAORVIEW, tá ar dhaoine an córas a shocrú suas arís nó 'rescan' a dhéanamh ar an tseirbhís SAORVIEW ar an teilifís nó ar an mbosca SAORVIEW sa mbaile. Mura ndéantar é seo ní oibreoidh an tseirbhís SAORVIEW.

Rita Mhic Con Iomaire, RIP; Pádraig Ó Gaora, iar-chraoltóir le RTÉ; Tomás Mac Eoin & Treasa Ní Mhiolláin.

Bhí aithne ar fud na tíre ar Rita Mhic an Iomaire as Ros Dúgáin, Cill Chiaráin, bean an amhránaí sean-nóis Joe John Mac an Iomaire a bhásaigh Dé hAoine seo caite. Chuir Pádraig, Tomás agus Treasa síos ar an aithne a bhí acu fhéin ar Rita.

Micheál Ó Confhaola, as Muiceanach Idir Dhá Sháile.

Is é Micheál a thug leis Corn Uí Riada ag Oireachtas 2013 i gCill Airne. Chuir Micheál síos ar an Oireachtas agus ar na hamhráin. Chas sé na hamhráin ''An Bádóirín'' agus ''An Gabha Ceártan''.

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís