Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 4 Samhain 2013

Éist anois

Cathal Seoighe, comhalta de Bhord Udarás na Gaeltachta.

Bhí cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar siúl i gCill Airne Dé hAoine seo caite agus rinne Cathal cur síos ar gach a tharla ag an gcruinniú.
Éist anois

Cóilín Ó Neachtain, ár dtuairisceoir i mBostún.

Tá an deireadh seachtaine deiridh curtha dhóibh ag na hiarrthóirí Marty Walsh agus John Connolly atá san iomaíocht do thoghchán an mhéara ar chathair Bhostúin, Mheiriceá. Bhí sé i láthair inné nuair a bhí roinnt de mhuintir Chonamara ag dul i mbun stocaireachta do Mharty agus chuaigh sé chun cainte leo.
Éist anois

Gráinne Ní Fhátharta, as Baile na hAbhann.

Is í Gráinne a bhuaigh Corn Sheáin Óig Uí Thuama ag an Oireachtas oíche Déardaoin sa gcomórtas amhránaíochta do mhná faoi chúig bhliana déag is fiche. Tá Gráinne ag múineadh scoile i nGaelscoil na gCeithre Máistrí i mBaile Átha Luain.
Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Ag trácht ar chomórtais amhránaíochta an tSean-Nóis ag an Oireachtas i gCill Áirne agus ar chomórtais an damhsa aonair a bhí ar TG4 Dé Sathairn atá Máirtín inniu.
Éist anois

Pádraic Ó Maoildhia, Pádraig Réamoinn Pheadair Réamoinn as Inis Treabhair.

Fear Farraige, fear ceirde ach thar aon ní eile, file, a bhfuil blaiseadh dá chuid cumadóireachta cloiste ar an gclár seo cheana againn. Seo é an chéad uair aige páirt a ghlacadh i gcomórtas ag an Oireachtas. Tá sé tamall maith de blianta ó bhí Pádraic ag an Oireachtas cheana. D'aithris Pádraic cuid dá chuid filíochta ar an gclár ar maidin.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal