Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 31 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Peadar Ó Ceallaigh, ó scoil Tiomána Uí Cheallaigh.

Tá socruithe nua tagtha i bhfeidhm do dhaoine a bheadh ag iarraidh ceadúnais thiomána a fháil. Labhair sé chomh maith ar an athrú atá tagtha ar an gceadúnas cairr agus leantóra.
Éist anois

An Dr. Conall Mac Cuinneagáin, iardhochtúir ar an Spidéal.

Beidh Conall ag tabhairt léáchta i gColáiste Chonnacht anocht faoin dochtúir teaghlaigh an dochtúir Brody a bhíodh ina dhochtúir sa Spidéal blianta ó shin.
Éist anois

Beartla Beag Ó Conghaile, RIP.

Tá Beartla ag insint an scéil faoi Oisín, Conán Maol agus na Fianna.
Éist anois

Pádraic S. Ó Murchú, stairí.

Cothrom an lae seo 90 bliain ó shin, bádh triúr iascairí i gCuan Eilí in iarthuaisceart Mhaigh Eo le breacadh lae. Bhí gaol ag Pádraig S Ó Murchú le duine acu.
Éist anois

Pádraig Ó hÉalaí, iarleachtóir agus an saineolaí ar chúrsaí béaloidis.

Bhuel, is í anocht oíche Shamhna agus is dócha go mbeidh gasúir ag imeacht fiáin ó theach go teach, iad feistithe amach agus ag scanrú daoine. Ach téann féile na Samhna i bhfad siar sa stair agus ba é seandeighilt na bliana a bhí ann dáiríre.
Éist anois

Ceara Conway.

Cuirfidh Ceara Conway ceardlann ghrianghrafadóireachta ar siúl amárach i dtithe na Cora i mBéal an Daingin. Chuir sí síos ar na himeachtaí eile a bheidh ar siúl ann ar an deireadh seachtaine.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal