Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 30 Deireadh Fómhair 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seán Óg Ó hEithir, as Cill Chisín in oirthear an Chláir.

Bhí maratón Bhaile Átha Cliath ar siúl Dé Luain seo caite. Bhí suas le ceithre mhíle dhéag páirteach ann, idir fhir agus mhná. Is é an fear óg Seán Óg Ó hEithir, mac leis an iar-iománaí cáiliúil, Seán Hacker Ó hEithir a tháinig isteach sa gcéad áit. Múinteoir bunscoile é Seán Óg i mbunscoil Mhuire gan Smál in Inse Chóir i mBaile Átha Cliath.

Éist anois

Catherine Connolly, Comhairleoir Cathrach.

B'éigean cóir leighis a chur ar os cionn dhá mhíle othar agus iad fós ar thralaithe in Ospidéal na Gaillimhe ó thús na bliana seo. Sin de réir na bhfigiúirí a d'fhoilsigh Cumann na nAltraí agus na mBancabhrach (INMO) an tseachtain seo caite.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Ag cur síos ar Phádraic Ó Tuathail as Inis Mór agus an leabhar atá scríofa aige ''From Aran to Africa''.

Éist anois

An tAthair Fiontán Ó Monachán, rúnaí Ard-Deoise Thuama.

Ag labhairt faoi a bheith ag díbirt an diabhail as duine  Tháinig sé trasna ar sé nó seacht de chásanna a raibh daoine ag iarraidh an diabhal a dhíbirt.

Éist anois

Máire Joyce Glynn, ón eagraíocht tarrthála Ealaí an Chladaigh.

Tá sé ráite ag an eagraíocht a chuireann seirbhís ar fáil d'ealaí i gceantar an Chladaigh i nGaillimh go raibh laghdú as cuimse tagtha ar líon na n-ealaí a bhí ag cur fúthu ansin i mbliana de bharr galair ar a dtugtar galar na gCleití Bándearga.

Éist anois

Micheal Mac Cann, uachtarán réigiún na Gaillimhe Chumann Naomh Uinsionn de Pól.

Léiríonn figiúirí atá eisithe ag eagraíocht Naomh Uinseann de Pól i nGaillimh go raibh ardú as cuimse ar líon na ndaoine a lorg cabhair agus cúnamh i Mí Mheán Fhómhair na bliana seo agus táthar ag tuar go dtiocfaidh tuilleadh ardaithe fós agus aimsir na Nollag ag teannadh linn.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal