Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 23 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, iar-eagraí ceoil agus clár reachtaire le RnaG & Maidhc P. Ó Conaola, iar-chlár reachtaire le RnaG.

Maidin inné a tháinig an drochscéala go bhfuil Feardorcha Ó Colla, Iar-Oifigeach Réigiúnach RTÉ Raidió na Gaeltachta Dhoirí Beaga agus duine den chéad seachtar a ceapadh nuair a bunaíodh an stáisiún i 1972, imithe ar shlí na fírinne. Chuir Meaití agus Maidhc síos ar na blianta a chaith siad ag obair leis.

Éist anois

Séamus Breathnach, Bord Iascaigh Mhara.

Beidh Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta Iascaigh an Iarthair (FLAG) ag seoladh straitéis atá curtha i dtoll a chéile acu le forbairt a dhéanamh ar phobail chois cósta i gceantar na Gaillimhe agus an Chláir tráthnóna inniu i nDroichead an Chláirín.

Éist anois

Tomás Ó Fátharta, feirmeoir.

Is cúis mhór imní ar fud na tíre an líon daoine atá ag cur lámh ina mbás fhéin, ach tá sé tugtha faoi deara le scaitheamh anois go bhfuil fadhb mhór in Oirthear na Gaillimhe. Tá Tomás ina bhall den eagraíocht atá ag iarraidh rud eicínt a dhéanamh faoin líon ard daoine atá ag cur láimh ina mbás fhéin.

Éist anois

Nuala Ní Chonghaile, saineolaí garraíodóireacht.

Bhí Nuala ag freagairt ceisteanna a tháinig isteach ón bpobal. Chuir sí síos ar an aire ba cheart a thabhairt do phlasóg agus na cineálacha plandaí is féidir a chur.

Éist anois

Bernie Ní Fhlatharta, colúnaí leis an gCuradh Connachtach.

Léiríonn figiúirí a foilsíodh le gairid gur thug 148,000 duine as an tír seo cuairt ar an Spáinn i Lúnasa na bliana seo amháin. Is ionann seo agus 926,000 Éireannach ar fad, a thug cuairt ar an Spáinn i mbliana. Chuir Bernie síos ar thuras a thug sí fhéin ar cheann de na hoileáin Chanáracha le gairid.

Éist anois

Eilín Nic Dhonnacha.

Ag labhairt ar an eolas atá tagtha chun solais sa suirbhé 'Ag Fás Suas in Éirinn 2011' a thug an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige amach, tá páiste as chuile cheathrar ró-throm. Tá cuid de na gasúir seo chomh hóg le trí bliana d'aois. Tá feachtas seolta an tseachtain seo le dul i ngleic leis seo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal