Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Pádraig O'Toole, as Inis Mór.

Ag cur síos ar a óige in Árainn agus ar thréimhse sa gcoláiste sagartóireachta i Muimhneachán. Thug sé léargas freisin ar an leabhar ''Aran to Africa'', ar a shaol ag múineadh scoile san Afraic, a thréimhse mar shagart ansin agus faoin am ar phós sé an fonnadóir Mary O'Hara.

Éist anois

Peadar Ó Scanaill, Cumann Tréidliachta na hÉireann.

Fógraíodh le gairid nach mbeidh cead ar bith ag daoine madraí a thabhairt ar thuras idir an tír seo agus Sasana mura bhfuil pas acu don mhadra.

Éist anois

Donncha Mac Con Iomaire, léiritheoir agus láithreoir.

Bhí Donncha ag cur síos ar an gclár nua Díbirt Deamhain a bheidh le feiceáil ar TG4 Dé Domhnaigh seo chugainn mar chuid den tsraith Cogar.

Éist anois

Marianne Ní Chinnéide & Treasa Uí Lorcáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

D'fhógair muid scoláireachtaí ag tús na míosa seo do cheardlann a thabharfadh deis do scoláirí dara leibhéal tuiscint a fháil ar ghnéithe den iriseoireacht agus den chraoltóireacht raidió agus teilifíse. Is iad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá ag reáchtáil na ceardlainne agus tá sé dhuine dhéag a bhfuil scoláireachtaí faighte acu.

Éist anois

Caitríona Ní Cheannabháin, as an Aird Thoir.

Ag labhairt ar an gceardlann amhránaíochta a bheidh ar siúl aici i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo. Beidh an cheardlann dírithe ar ghasúir agus ar dhéagóirí atá ar bheagán Gaeilge.

Éist anois

Ruairí Ó Néill, Bainisteoir Chomhar Creidmheasa Cholm Cille.

Chuir Ruairí síos ar an gcomórtas fiontraíochta do scoláirí meánscoile atá á eagrú ag Comhar Creidmheasa Cholmcille i gcomhar le Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair agus Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal