Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 17 Deireadh Fómhair 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Micheál Ó Seighin, duine de chúigear Ros Dubhach.

Sa chúirt Tráchtála arú inné cuireadh ar neamhní an ceadúnas leasaithe a raibh iarratas déanta ag Shell E&P Ireland air, i mí an Mheitheamh seo caite.

Éist anois

Seán Ó Cearbhaill, dlíodóir.

Is ar chúrsaí fiacha atá an dlíodóir ag caint inniu agus bhí sé ag tabhairt comhairle ar céard ba cheart do dhaoine a dhéanamh nuair atá siad i bhfiacha agus iad ag fáil litreacha ó bhancanna.

Éist anois

Eoin Finn, Fiona Power, Paddy Dooley & Kayleigh Power ó Choláiste Iognáid.

Tá grúpa de dheichniúr scoláirí ó Choláiste Iognáid i nGaillimh ag tabhairt aghaidh ar Mheiriceá inniu chun páirt a ghlacadh i gCúirt Bhréige mar chuid de chomórtas Empire World Mock Trial. Bhuaigh siad Craobh na hÉireann i mí an Aibreáin seo caite a bhí ar siúl sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.

Éist anois

Dr. Antaine Ó Conchubhair.

Tá tuairim agus 15,000 duine ag maireachtáil le drólainníteas (colitis) agus galar Crohn sa tír seo. Beidh cruinniú poiblí i nGaillimh Dé Sathairn seo chugainn an 19 Deireadh Fómhair in Óstán Bhóthar na Trá ón dó a chlog go dtí an cúig a chlog.

Éist anois

Seán Ó Duibhir, Lucht siúlóide sléibhe lár Thiobraid Árann.

Beidh siúlóid ar siúl sa Chlochán an deireadh seachtaine seo ar mhaithe le Carthanacht Páistí le riachtanais speisialta agus leis an gcarthanacht Cumann Dall na hÉireann.

Éist anois

Arailt Mac Giolla Chainnigh, as Gaeltacht Cheanada & Séamus Ó Concheanainn, Riarthóir Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna.

Éist anois

Máire Ní Ríordáin, Dochtúir Léinn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá gach iarracht á dhéanamh ar na saolta seo le beagáinín eile matamaitice a chur isteach i gcloigne an aosa óig. Bhuel, tá deis ríomhaireachta nó AIP nua curtha i dtoll a chéile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le cúnamh a thabhairt do chuairteoirí go dtí an ollscoil lena mbealach a dhéanamh timpeall na háite.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal