Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Tarlach de Blácam; Seán Kyne, Teachta Dála; Éamon Ó Cuiv, Teachta Dála; Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir.

Tá an Roinn ag tóraíocht tairiscintí faoi láthair ó chomhairleoirí nó ó chomhlachtaí cáilithe leis an tseirbhís aeir PSO go trí oileán Árann a scrúdú. Tá sé ráite ag Coiste leis an tSeirbhís Aeir d'Árainn a Chosaint i ráiteas a d'eisigh siad inné, go bhfuil siad féin le staidéar soch-eacnamaíoch a dhéanamh ar thrí oileán Árann.

Éist anois

Seosamh Ó Laoi, Comhairleoir Condae.

Bhí cúrsaí séarachais ina cnámh spairne do Chomhar Chuigéil agus bagairtí cúirte orthu an scéal a réiteach le fada. Bhuel, tá dea-scéala anois acu, mar gur tosaíodh ar an gconradh le huasghrádú a dhéanamh ar an gcóras séarachais ar maidin inné.

Éist anois

Dr. Séamus Ó Beirne.

I dtuairisc a foilsíodh i mí Feabhra na bliana seo, ar staidéar a rinne dochtúir inchinne in Ospidéal Ollscoile na hÉireann, Gaillimh, tugadh le fios go bhfuil an tír seo ar cheann de na tíortha is measa san Eoraip, a bhfuil an galar Lyme ann, Iarthar na hÉireann go mór mhór.

Éist anois

John McIntyre, as Baile Liam an Spidéal.

Chuaigh Seán Bán Breathnach ar cuairt ag John Mack le gairid agus chuir sé síos ar a shláinte agus ar an obráid croí a cuireadh air roinnt blianta ó shin. Tá cónaí ar John i dTearmann Ainnín ar an gCnoc.

Éist anois

Aingeal Ní Chonghaile, ó Fhéile Mara Chonamara.

Tá Féile Mara Chonamara ag tosú i Leitir Fraic ón 18ú go dtí an 28ú Deireadh Fómhair. Seo é an 29ú bliain as a chéile ag an bhféile agus beidh go leor leor imeachtaí ar siúl acu.

Éist anois

Margaret Uí Oibicín, as Leitir Mucú.

Tá Ionad Dea Shláinte an Spidéil ag tabhairt deis d'éisteoir ó Iris Aniar cúrsa deich seachtaine a dhéanamh le meáchan a chailleadh. Ghlaoigh Margaret Uí Oibicín orainn agus dúirt sí go raibh sí sásta an cúrsa a dhéanamh.

Éist anois

Micheál Holmes, as Gaoth Sáile.

Bronnfar an gradam do Bhan-Dornálaí Sóisir Domhanda na Bliana ar an dornálaí chúig bhliana déag d'aois, Ciara Ginty as Gaeltacht Ghaoth Sáile i Maigh Eo ag deireadh na míosa seo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal