Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 14 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Seán Ó Drisceoil & Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Tá imní léirithe ag roinnt daoine as ceantar na bhForbacha agus an Spidéil faoi na tástálacha ar na dabhchanna séarchais, mar gheall gur thaispeáin mapaí a cuireadh faoi bhráid an chruinnithe, gurb iad seo na ceantair is mó a bhfuil baol truaillithe ag baint leo.

Éist anois

Bríd Uí Chonghaile, as Maigh Cuilinn.

Bhí sé ina cheiliúradh i Maigh Cuilinn ar an deireadh seachtaine, mar gur éirigh leis an bhfoireann peile mionúr craobh an chontae a chrochadh leo inné.

Éist anois

Micheál Holmes, léiritheoir na sraithe, An Cóipleabhar Feasa; Paddy Mhéimi Ó Súilleabháin, Jackie Mac Donncha & Máirtín Ó Cualáin.

Ag tús na míosa seo chugainn, craolfar sraith nua cláracha ar an stáisiún seo dar teideal An Cóipleabhar Feasa. Tá ábhar na sraithe seo bunaithe ar bhailiúchán a rinneadh in Éirinn seachtú cúig bliain ó shin mar chuid de Scéim na Scol a bhí ar siúl i rith na scoilbhliana 1937-1938.

Éist anois

Máirín Ní Nualláin, Siceolaí.

Deir an eagraíocht Relationships Ireland, a chuireann comhairle agus tacaíocht ar fáil do lánúnacha, go bhfuil ardú suntasach tagtha le bliain anuas ar líon na mban atá i dteagmháil leo agus iad ag iarraidh cúnamh lena bpósadh ó b'éigean dá bpáirtithe an bád bán a thabhairt orthu féin agus dul sa tóir ar obair thar lear.

Éist anois

Patricia Uí Fhlatharta, múinteoir gairmthreorach i nGairmscoil an Phiarsaigh, Ros Muc.

Seo é an tráth bliana go mbíonn laethanta oscailte ag go leor institiúidí tríú leibhéal do scoláirí Ardteiste agus a muintir agus a múinteoirí. Bhí deireadh seachtaine den chineál seo ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh le gairid agus beidh ceann ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ar an 19ú agus 20ú den mhí seo.

Éist anois

Máirtín Davy Ó Coisdealbha, ó Phastime Chonamara.

Ag labhairt faoi go bhfuil an eagraíocht Pastime Chonamara ag cur tús anocht le ranganna i seanscoil na Minna i nGaillimh agus i dTuar Mhic Éadaigh san oíche amárach.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal