Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 9 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Peadar Ó Cualáin & John Bhaba Jeaic Ó Conghaile.

Tuairisc ó chruinniú cinn bhliana Chomhar Chuigéil a bhí ar bun aréir i halla Chomhar Chuigéil i Leitir Mealláin.

Éist anois

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála & Séadna Mac Seoin, Iar Oifigeach leis an Roinn Leasa Shóisialaigh.

Éamon ag labhairt faoi cás na n-oifigeach leasa pobail ó thaobh cearta teanga dhi agus Séadna ag cur leis an díospóireacht.

Éist anois

Seán Ó Cualáin, Cathaoirleach Choiste Pháirc Chill Chiaráin.

Tá 298,813 euro ceadaithe ag Comhar na nOileán Teoranta do choiste pháirc Chill Chiaráin chun páirc nua uile aimseartha a thógáil i gCill Chiaráin i gConamara.

Éist anois

Josephine Nic Ghiolla Choinnigh, Nuala Ní Chonghaile & Máirín Nic Con Iomaire.

Thug siad cuairt ar gharraí Josephine thoir sna Doireadh, áit a bhfuil puimcíní ag fás go breá.

Éist anois

Shay Lally.

Ritheann sé comhlacht an 'Mobile Music School' a bhíonn ag múineadh ceol trí mheáin na Gaeilge. Tá súil aige é seo a fhorbairt i gConamara má tá éileamh air.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal