Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Luain 7 Deireadh Fómhair 2013

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Máirtín Ó Catháin, Iriseoir; Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir; Ronan Mullen, Seanadóir.

Máirtín Ó Catháin, Iriseoir; Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir; Ronan Mullen, Seanadóir.

Tá muid ag caitheadh súl ar maidin ar reifreann an tSeanaid agus an toradh a bhí air. Chaith muintir na hÉireann a gcuid vótaí Dé hAoine seo caite agus ní raibh sé i bhfad ar bith isteach sa gcomhaireamh Dé Sathairn gur tuigeadh go rabhthas ag diúltú don leasú bunreachtúil seo.

Daire Ní Cheallaigh, ó Ionad Deá-Shláinte an Spidéil.

Daire Ní Cheallaigh, ó Ionad Deá-Shláinte an Spidéil.

Tá Ionad deá shláinte an Spidéil ag tabhairt deis do éisteoir ar Iris Aniar cúrsa deich seachtainí a dhéanamh le meáchan a chailleadh.

Seosamh Ó Cuaig, Comhairleoir Contae.

Seosamh Ó Cuaig, Comhairleoir Contae.

Bhí cruinniú poiblí ag an eagraíocht Glór na Tuaithe san oíche Dé hAoine faoi chinneadh na Roinne Coimirce Sóisialaí, na hOifigí Leasa Pobail i gConamara a dhúnadh agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a aistriú go Gaillimh agus go dtí an Clochán. Bhí Seosamh i láthair agus chuir sé síos ar an gcruinniú sin do Mháirín.

An tAthair Pádraic Ó Fátharta.

An tAthair Pádraic Ó Fátharta.

Tá an dara dlúth cheirnín sa tsraith ''Sa mBaile i mo Cholainn'' foilsithe ag an Athair Pádraig. ''Scíth'' ainm an dlúth cheirnín seo agus sa dara taifead seo molann an tAthair Pádraig dúinn ligean do rothaí an tsaoil dul timpeall dár n-uireasa scaití chun ár suaimhneas a dhéanamh.

Mícheál Ó Clochartaigh, ball den Chumann Trí Spóirt Charna.

Mícheál Ó Clochartaigh, ball den Chumann Trí Spóirt Charna.

Beidh ócáid mhór rítheacht ar bun thiar i gCarna an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá an rása 10 gciliméadar seo á eagrú ag an gcumann TríSpórt agus mar a thuigfeá ón ainm sin bíonn rothaíocht, snámh agus rith i gceist go hiondúil ach an deireadh seachtaine seo chugainn níl i gceist ach an ritheacht.

Áine Ní Chonghaile, ón gcomhlacht Europus & Pádraic Ó Guairim, as Ruisín na Mainíoch.

Áine Ní Chonghaile, ón gcomhlacht Europus & Pádraic Ó Guairim, as Ruisín na Mainíoch.

Cuirfear tús le Ard-Dioplóma Iarchéime i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán an mhí seo chugainn anseo i gceantar Chonamara.

Eoin Ó Loideáin, Cúntóir Margaíocht NÓS.

Tá an iris NÓS ar na tógraí is núalaí i saol na meán Gaeilge riamh. Tá fáil anois ar NÓS i siopaí Easons ar fud na tíre, rud a chiallaíonn go mbeidh teacht ar an iris ar bhonn níos forleithne.

Keywords

Iris Aniar ar Twitter

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís