Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 4 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir.

Ag cur síos ar an soiléireachta atá tugtha ag Feidhmeannachta Sláinte ar na ceisteanna a bhí sé a chur faoi Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua le roinnt laethanta.

Éist anois

Cormac Ó Murchú.

Tá caint go leor déanta le gairid ag an gcomhlacht Eircom faoi a bheith ag cur córas leathanbhanda níos láidre ar fáil, an córas 4G agus go mbeadh an taobh tíre seo ar cheann de na limistéir a mbeadh sin ar fáil ann.

Éist anois

Ivan McPhilips, Léachtóir Fiontraíochta in Institiúid na Gaillimhe & Mhaigh Eo.

Tá scéim nua Ghaeilge seolta ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo nó an GMIT agus iad dírithe amach ar fheabhas a chur ar a gcuid seirbhísí dátheangacha sna trí bliana seo romhainn. Is í seo an dara scéim Ghaeilge de chuid na hInstitiúide agus cuirfidh sí leis an dul chun cinn a rinneadh sa gcéad cheann.

Éist anois

Máirtín Ó Dubhghaill, ón eagraíocht 'To Russia With Love'.

Tá Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ag eagrú oíche cheoil agus siamsaíocht san oíche amárach Tigh Mholly ar mhaithe le beagán airgid a chruinniú don eagraíocht ''To Russia with Love''. Chuir Máirtín síos ar an obair a dhéanann an eagraíocht do dhílleachtaí bochta sa Rúis.

Éist anois

Treasa Uí Lorcáin & Marianne Ní Chinnéide ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag eagrú ceardlann ag deireadh na míosa seo le deis a thabhairt do scoláirí dara leibhéal tuiscint a fháil ar ghnéithe den iriseoireacht agus den chraoltóireacht raidió agus teilifíse agus ar na scileanna a theastaíonn le iad féin a chur i láthair go gairimiúil. ''Bhfuil aon scéal agat'' ainm na ceardlainne.

Éist anois

Philomena Ní Fhlátharta, ó Chumann Peil na mBan Naomh Anna.

Tá clubanna Chumann Lúth Chleas Gael ar fud an chontae ag glacadh páirt i siúlóidí ar mhaithe le Cúram Ailse an Iarthair agus Bord Iománaíochta agus Peil na Gaillimhe amárach. Beidh siúlóid chumann Naomh Anna ag tosú ag 11.00 r.n ó Spórtlann Mhichael Mhóir ar an Máimín.

Éist anois

Evan Chamberlain, Bainisteoir Stiúrtha, Good Company Productions.

Ag cur síos ar an sraith nua teilifíse a bhfuil sé ag obair ar faoi láthair do TG4. ''An Gaeilgeoir is Greanmhaire'' an t-ainm atá ar an sraith agus is í Síle Seoighe a bheidh ag cur an sraith i láthair.

Éist anois

Máirtín Ó Meachair, ó Chumann Peile Naomh Anna.

Tá obair athchóirithe ar bun faoi láthair ar Pháirc an Mháimín agus tá súil acu go mbeidh sé críochnaithe faoi cheann trí seachtainí. Tá os cionn 79,000 euro á chaitheamh ar an obair le athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an bpáirc le dromchla nua chur uirthi.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal