Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Máirín Nic Con Iomaire, ár dtuairisceoir.

Ag caitheamh súl ar an méid a bhí le rá ar an gclár seo inné faoi Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus an imní atá ar dhaoine go bhfuil baol ann go ndúnfar é. Imní go bhfágfar cúram cónaitheach do dhaoine aosta ag an earnáil phríobháideach ar fad amach anseo.

Éist anois

Dara Callery, Teachta Dála ó Fhianna Fáil & Pádraic Pheaitín a'Táilliúra Ó Conghaile, Cathaoirleach Ghlór na Tuaithe.

Beidh cruinniú ag Glór na Tuaithe san oíche amárach mar gheall ar dhúnadh na n-oifigí leasa pobail i gConamara. Tá imní léirithe faoina hoifigigh leasa pobail i mBéal Átha hAmhnais agus i gClár Chlainne Mhuiris ag an Teachta Dála Dara Callery.

Éist anois

Rónán Mac Con Iomaire, Leas Cheannaire Raidió na Gaeltachta.

Bhí Comórtas Liteartha an Oireachtais ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath oíche Dé Máirt. D'éirigh le roinnt scríbhneoirí as an taobh seo tíre, duaiseanna a thabhairt leo ag an ócáid agus bhuaigh Rónán gradam leis an leabhar faoin dornálaí Seán Ó Mainnín ''Rocky Ros Muc''.

Éist anois

Christy King.

Is é Christy, deartháir Noel atá ina bhainisteoir sealadach ar fhoireann sacair na hÉireann.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, Colúnaí.

Bhí Máirtín ag cur síos ar na blianta a raibh sé i Sasana agus moladh mór á thabhairt aige do Josie Caulfield as an Spidéal agus nuair a fuair sé an ceirnín ''An Damhán Alla'' agus nuair a chuala sé den chéad uair é. Bhí caighdeán na Gaeilge ar RnaG ag déanamh imní dó freisin.

Éist anois

Éamon Ó Cuív, TD.

Bhí Éamon ag caint le bainistíocht Fheidhmeannach na Seirbhísí Sláinte, agus thug siad míniú dó ar na fáthanna go bhfuil leapacha folamh ansin faoi láthair. Thug siad le fios dó chomh maith go bhfuil ardmholadh faighte ag an Áras ó HIQA agus go bhfuil ailtire ceaptha le síneadh a chur leis.

Éist anois

Dan Dwyer, ó Chlub Scannán Sailearna.

Ag labhairt faoi go bhfuil séasúr nua scannán ag tosú anocht ag Club Scannánaíochta Sailearna i Seanscoil Sailearna in Indreabhán.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal