Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 2 Deireadh Fómhair 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Johnny Shéamuis Ó Conghaile, Oifigeach Caidreamh Poiblí Choiste Cearta Chonamara.

Cruinniú aréir ag Coiste Chearta Chonamara faoi dhiúltú don bhriogáid dóiteáin.

Éist anois

Bertie Ó Domhnaill, Tír an Fhia.

Tá Bertie ag freastal ar an idirbhliain i Scoil Chuimsítheach Chiaráin. Bhí sé ag insint do SBB go raibh sé ag an gcomórtas treabhadóireachta an tseachtain seo caite agus chomh mór agus a thaitin sé leis. Suim mhór ag Bertie san amhránaíocht ar an sean-nós.

Éist anois

Máirtín Bairéad & MacDara Ó Loideáin, Club Spaisteoireacht Iorras Aithneach.

Thug seisear as Club Spaisteoireachta Iorras Aithneach a n-aghaidh ar an gCamino le gairid. Bhí Máirtín agus MacDara ar bheirt acu sin agus chuir siad síos ar an turas agus na hiontais a chonaic siad.

Éist anois

Seán Ó Cearbhaill, Dlíodóir.

Athruithe ar chúrsaí uachta do lánúineacha nach bhfuil pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta.

Éist anois

Deirdre Ní Mhaoláin, Comhairleoir Cánach.

Tá an dáta ag teannadh linn do dhaoine atá féin-fhostaithe lena dtuairsceán cánach a chur chun bealaigh. Is é an lá deireanach den mhí seo an spriocdháta.

Éist anois

Catherine Connolly, Comhairleoir Cathrach & Gabriel Rosenstock, file.

De réir an eolais atá faighte ag Catherine Connolly tá sé ráite nach bhfuil sé i gceist Áras Mhic Dara a dhúnadh ná gearradh siar a dhéanamh air. Léigh an file Gabriel Rosenstock aistriúcháin Gaeilge atá déanta aige ar dhánta a scríobh príosúnaigh i nGuantanamo. Tá 240 lá caite ag príosúnaigh ar stailc ocrais i gcampa géibhinn nGuantanamo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal