Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 1 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Peadar Ó Cualáin & Marty Ó Laoi, Ball de Choiste Chomharchumann Uisce Loch Iorbairte.

Bhí céad nó mar sin i láthair aréir ag cruinniú i halla Chomhar Chuigéil i Leitir Mealláin, ar mhaithe le go gceapfaí bord stiúrtha nua le scéim uisce Loch Iorbairte a riar. Bunaíodh Comharchumann nua aréir le seachtar ball nua chun an scéim uisce a rith.

Éist anois

Dr. Séamus Ó Beirne.

Is ar vacsaín an fliú atá an dochtúir ag caint inniu, mar gurbé seo an tráth bliana a bhíonn daoine ag fáil faoi réir leis an vacsaín sin a fháil.

Éist anois

Feidhlim Seoige, Leas Uachtarán na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Beidh mic léinn ó chuile cheard don tír ag dul i mbun agóidíocht inniu agus iad ag impí ar an Rialtas gan aon chiorruithe a dhéanamh sa gcéad bhuiséad eile ar an deontas cothabhála a fhaigheann siad.

Éist anois

Micheál Ó Goill, Iarphríomhoide Ghairmscoil Éinne, i gCill Rónáin.

Ba é inné an lá deireanach ag Príomhoide Ghairmscoil Éinne i gCill Rónáin i mbun oibre. Tá 38 bliain caite aige ag múineadh, aon bhliain déag díobh sin mar Phríomhoide i nGairmscoil Éinne. Is in Árainn atá a shaol múinteoireachta caite aige agus chuir sé síos air do Mháirín.

Éist anois

Úna Kelleher, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Chontae Mhaigh Eo.

Tá socruithe á ndéanamh i gContae Mhaigh Eo faoi láthair do Thóstal Mór Mhaigh Eo.

Éist anois

Charlie Lennon, Johnny Connolly, Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Neansaí Ní Choistealbha & Batsheva Battu.

Tá RTÉ don cheathrú bliain as a chéile ag ceiliúradh seachtain mhór an cheoil arís i mbliana ón 30ú Meán Fómhair go dtí an 6ú Deireadh Fómhair agus mar chuid de sin tá na ceoltóirí linn inniu.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal