Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 27 Meán Fómhair 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

An tAthair Ciarán de Bláca, An Canónach Tomás Ó Cadhain & Fíl Uí Dhubhghaill.

Tá go leor cainte déanta le scaitheamh anois faoin gcaoi a mbíonn creideamh á mhúineadh i mbunscoileanna na tíre seo. Tá an tAire Oideachais Ruairí Quinn ag iarradh anois ar thuismitheoirí a gcuid tuairimí a thabhairt faoin gcaoi a mbíonn creideamh á mhúineadh agus á chur chun cinn sna scoileanna.

Éist anois

Máire Denvir, Áine Ní Chonghaile, Aisling Schmidt, Bríd Seoighe, Gearóid Ó Drisceoil, Caitríona Uí Cheallaigh.

Tá coláiste Chamuis ag ceiliúradh 40 bliain a mbunaithe i mbliana agus beidh Aire Stáit na Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnlaoich, TD, i láthair in Óstán Chois Fharraige anocht ag dinnéar ceiliúradh i gcuideachta mná tí, iarscoláirí, múinteoirí, foireann agus seancháirde de chuid an choláiste.

Éist anois

Pádraic Mac Giolla Phádraic.

Ag cur síos ar athimirt chluiche ceannais iomána na hÉireann a bheidh i bpáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn seo idir Contae Chláir agus Corcaigh.

Éist anois

Pádraic Joe Joe Mac an Iomaire.

Tá Cumann Mhicheál Breathnach ag eagrú rothaíocht urraithe ar an deireadh seachtaine.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal