Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 25 Meán Fómhair 2013

Éist anois

Tomás Ó Conaire.

Tá sé lárnach i bhfeachtas toghchánaíocht Marty Walsh le haghaidh méara Bhostún. D'éirigh le Marty an réamh toghchán a bhuachtáil i mBoston aréir.

Éist anois

Seán Kyne, Teachta Dála.

Tá ceisteanna dála curtha ag an Teachta Dála Kyne ar an Aire Coimircí Sóisialta Joan Burton faoi chás na n-oifigigh Leasa Pobail i gConamara a bheith le dúnadh ag deireadh na míosa.

Éist anois

Liam Ó Conaire, Iar Oifigeach Tine.

Táthar ag cur comhairle ar dhaoine an tseachtain seo a bheith airdeallach faoin ngás contúirteach sin nach bhfuil boladh ná blas air, aonocsaíd charbóin nó carbon monoxide. Bhí Liam ag tabhairt comhairle ar céard ba cheart a dhéanamh le bheith cinnte nach bhfuil sé seo i do theach agus cén aláraim a cheart a bheadh i do theach.

Éist anois

Máire Eilís Ní Fhlatharta & Tomás Ó Flatharta.

Bhí Máire Eilís ag an gComórtas Treabhdóireachta inné agus ba é an chéad uair riamh aice ag an gcomórtas. Tá Tomás ag freastal ar an gcomórtas le os cionn fiche bliain. Chuir sé síos ar chomórtas na bliana seo agus chomh breá agus atá an aimsir.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal