Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 20 Meán Fómhair 2013

Éist anois

An tAthair Pádraig Standún, Sagart Paróiste Charna.

Thug an tAthair Pádraig a thuairim faoi an méid a bhí le rá ag an bPápa Proinsias faoi nach féidir leis an Eaglais Chaitliceach bheith ag díriú ar chúrsaí ginmhillte, pósadh homaighnéasaigh agus frithghiniúint amháin agus go dtitfidh an tóin as struchtúr morálta na heaglaise mura n-éiríonn léi cothromaíocht níos fearr a aimsiú.

Éist anois

Colm Mac Donnacha, Rúnaí Chomharchumann Mhic Dara.

Beidh lá oscailte ag Comharchumann Mhic Dara san ionad nua 'An Crompán' amárach.

Éist anois

Caitlín Mhic Dhonnchadha, ó Chomhlacht an Corrib Princess.

Eagrófar cruinniú de bhord Aer Lingus don chéad uair riamh i nGaillimh inniu. Is mar gheall ar go bhfuil Aer Lingus ag déanamh urraíochta ar an bhFéile Idirnáisiúnta Iománaíochta atá ar bun i nGaillimh an deireadh seachtaine seo atá an cruinniú ar siúl i nGaillimh.

Éist anois

Tomás Ó Siocháin, Oifigeach Preas Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

An ollscoil ag breathnú faoi láthair ar bhealach le aitheantas a thabhairt do mhicléinn a mbeadh ard-chaighdéan spóirt bainte amach acu, thré phointí breise CAO a bhronnadh orthu.

Éist anois

Máirín Seoighe, Léiritheoir Scannáin Dobarchú; Tom Kenny, Stairí; Bríd Ní Chonghaile.

Beidh clár á chraoladh ar TG4 tráthnóna Dé Domhnaigh ag 9.30 ar a dtugtar Pampooties, Cloudanna agus Cótaí Dearga. Sa gclár seo tugtar léargas ar na cineálacha éagsúla éadaí a bhí ann sa tsean aimsir ar Inis Oírr.

Éist anois

Seán Ó hÉalaí & Pádraig S Ó Murchú.

Sraith nua raidió 'An Leithinis' ar stair agus ar sheanchais Leithinis an Mhuirthead in Iarthuaisceart Mhaigh Eo, ag tosnú ar an stáisiún seo Dé Sathairn seo chugainn.

Éist anois

Micheál Mac Donnchadha, Seán Ó Gallchóir & Ciarán Ó Finneadha.

Ag labhairt faoin gcluiche ceannais sóisir agus sinsir na hÉireann sa bpeil agus Maighe Eo agus Baile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa gcluiche sinsir.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal