Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 17 Meán Fómhair 2013

Éist anois

Nuala Ní Chonghaile, Rúnaí Choiste Pobail na Tulaí & Pádraic Pheaitín a' Tailliúra Ó Conghaile, ó Ghlór na Tuaithe.

Ag cur síos go dhúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Joan Burton, i litir a sheol sí chuig Coiste Pobail na Tulaí, mar gheall ar an imní a bhí léirithe ag an gCoiste faoi thodhchaí na hoifige Leasa Sóisialaí sa gceantar, go raibh sí leis an scéal a fhiosrú.

Éist anois

Dr. Séamus Ó Beirne.

Mír Rialta leis an Dr. Teaghlaigh - Inniú bhí an Dr. Ó Beirne ag plé Anaemia.

Éist anois

Mícheál Mac Donnacha, ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh i Ros Muc.

Is ar chártaí leighis a bhí Mícheál ag caint inniu.

Éist anois

Treasa Ní Cheannabháin, as Bearna.

Bhí daoine ag agóidíocht ar maidin inniu mar gheall ar an bhforbairt atá le déanamh ar fheilm gaoithe i Leitir Gungaid ó thuaidh de na Forbacha i dtreo Maigh Cuilinn.

Éist anois

Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Condae.

Ag cur síos ar an Aintín, an tSiúir Mary Victor Waters nó Bridget Waters mar a tugadh go háitiúil uirthi i gCorr na Móna. Tá sí ina cónaí i Meiriceá le blianta fada agus tá 109 bliain slánaithe aici.

Éist anois

Bríd Seoighe, duine de Stiúrthóirí an Chomhlachta Abú Media.

Tá deontas de €600,000 faighte ag Abú Media ó choiste Údarás Craolacháin na hÉireann.

Éist anois

Catherine Connolly, Comhairleoir Cathrach.

Tá cuid mhaith míshástachta léirithe ag comhairleoirí cathrach i nGaillimh faoin bpríobháidiú atá beartaithe ag an gComhairle Cathrach ar sheirbhísí brúscair na cathrach.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal