RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Iasc Bán

Iasc Bán le cáis agus maonáis

Comhábhair

3-4 phíosa éisc (cadóg nó do rogha éisc)
Pinse salainn agus piobair
3-4 spúnóg mhilseoige de mhaonáis
110g/4 unsa de cháis ghrátáilte
1 spúnóg bhoird síobhais mionghearrtha (chives)
2 thráta, gearrtha suas (gan an lár a úsáid - é ró-bhog)

Modh
Craith pinse salainn agus piobair ar an iasc agus leag ar stáinpháipéar gréisithe.
Measc na comhábhair eile le chéile agus scar ar bharr an éisc.
Bácáil ar feadh thart ar 15 nóiméad in oigheann réamhthéite ag 200 C/400 F/Gás 6 go mbíonn sé órga agus cócaráilte.
Cuir chun boird le fataí bácáilte agus sailéad deas glas.

Seo lón nó dinnéar den scoth.