RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Iarla Ó Lionaird

An Chaint sa Chathair
31 Lúnasa / 31 Aug
Dé Céadaoin / Wed 4.10 pm

Ar An Chaint sa Chathair ar 31 Lúnasa beidh Cathal Póirtéir i mbun comhrá le hIarla Ó Lionaird, an t-ámhránaí clúiteach as Corcaigh. As Cúil Aodha d'Iarla, agus chuir sé spéis ariamh san amhránaíocht. I mí Mheán Fómhair eiseoidh sé albam nua aonair, Foxlight. Tá an t-albam fréamhaithe sa traidisiún cinnte, ach mar is dual d'Iarla, tá tionchar láidir an cheoil nuaimseartha ar an albam chomh maith agus tá sraitheanna éagsúla fuaime le cloisteáil sa cheol, agus glór Iarla mar bhunchloch ann. Le déanaí, chomh maith, tháinig an grúpa nua ceoil The Gloaming le chéile, grúpa a bhfuil Iarla ina bhall de, chomh maith le Caoimhín Ó Raghallaigh, Dennis Cahill, Martin Hayes agus Thomas Bartlett. Labharfaidh sé le Cathal Póirtéir inniu faoin togra nua sin, agus faoin albam nua Foxlight a bheidh ar an margadh go luath.

Cathal Póirtéir's guest on An Chaint sa Chathair on 31 August is West Cork singer Iarla Ó Lionaird. Iarla has had a great interest in song since he was a young boy and grew up in Cúil Aodha, an area rich in tradition. September sees the release of his new album Foxlight, and on the programme today he talks to Cathal about the album, and about new band The Gloaming, featuring Iarla together with other master musicians Caoimhín Ó Raghallaigh, Dennis Cahill, Martin Hayes and Thomas Bartlett.