RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Gradam Clár Raidió Gael Linn 2009

Jó Ní Chéide le daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair
Jó Ní Chéide le daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair

Fógraíodh ar an i-Club ar 1 Bealtaine gurb iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair buaiteoirí chomórtas clár raidió Gael Linn 2009, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tabhair ar ais an oíche aréir an t-ainm a bhí ar an gclár raidió a chuir na daltaí scoile le chéile faoi stiúir a múinteora Noel Ó Gallchóir, agus bronnadh duais €650, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, orthu. Ba é an scríbhneoir Séamas Ó Grianna, nó Máire, a bhí mar ábhar an chláir, agus san áireamh sa chlár tá míreanna cartlainne, píosaí ceoil, tráchtaireacht agus sleachta as saothar an scríbhneora. Ba iad Simon Mac Giolla Easpaig, Éadaoin Nic Giolla Bhrighde, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, Karen Ní Chuireáin agus Brídín Ní Ghallchóir a bhí ar an bhfoireann.

Is iad coláiste Chaitríona ó Ard Mhacha a tháinig sa dara háit leis an gclár Guth na hÓige a phléann saol an duine óig sa lá atá inniu ann, an brú a bhaineann leis, agus an difear atá idir é agus saol an mhuintir óig blianta ó shin. Ba iad Coláiste Chuimsitheach an Chorráin, Luimneach, a tháinig sa tríú háit le Luimneach - ag brú trín dorchadas, clár a chuireann íomhá dearfach chun cinn don chathair, agus a dhéanann iarracht dul i ngleic leis an drochíomhá fhuilteach atá ag an gcathair go minic sna meáin.

Is comórtas náisiúnta é seo atá dírithe ar mhic léinn san idirbhliain go príomha, ach tá cead ag dalta meánscoile ar bith páirt a ghlacadh ann. Clár raidió atá idir 15 agus 20 nóiméad ar fad atá i gceist.

Daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, buaiteoirí an chomórtais, le Seán Ó hÉanaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn.

Daltaí agus múinteoirí ó Choláiste Chaitríona, Ard Mhacha, a tháinig sa dara háit sa chomórtas.

Daltaí agus a múinteoir ó Choláiste Chuimsitheach an Chorráin, Luimneach, a tháinig sa tríú háit sa chomórtas.