RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2011
Thug foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta leo an dá dhuais sa rannán raidió ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais Dé hAoine. Bronnadh an gradam do Phearsa Raidió na Bliana ar Eibhlín Ní Chonghaile ag an ócáid in Óstán an Meyrick, agus bronnadh an duais do Shraith Raidió na Bliana ar an gclár Rónán Beo @ 3 don dara bhliain as a chéile.
As Doire Né i gCasla d'Eibhlín agus tá sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó bhí 2006 ann. Is í a chuireann an clár Iris Aniar i láthair ó Luan go hAoine ag 9.10 am, agus roimhe sin bhíodh sí ar dhuine de na láithreoirí ar an gclár Adhmhaidin.
Is é Rónán Mac Aodha Bhuí a chuireann an clár Rónán Beo @3 i láthair ó stiúideo Dhoirí Beaga ó Mháirt go hAoine, is é Dónall Mac Ruairí léiritheoir an chláir agus is í Eimear Ní Fhearraigh a bhíonn i mbun rúnaíochta. Bíonn idir throm agus éadrom le cloisteáil ar an gclár - ceol, siamsaíocht, agallaimh, cúrsaí sláinte, cócaireacht agus scéalta nuachta. Bronnadh an gradam do Phearsa Raidió na Bliana ar Rónán ag Féile na Meán Cheilteach in Oileán Leodhais i mí Aibreáin.
Dúirt Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:
Tréaslaím na duaiseanna seo le hEibhlín agus le foireann Rónán Beo, tá muid thar a bheith bródúil astu. Aitheantas atá sna gradaim seo arís eile ar ardchaighdeán craoltóireachta agus iriseoireachta na seirbhíse.
RTÉ Raidió na Gaeltacht brought home both awards in the radio category from the Oireachtas Media Awards, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, that took place in the Meyrick Hotel in Galway on Friday night. RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter Eibhlín Ní Chonghaile won the prize for Radio Personality of the Year, and the Rónán Beo @3 programme team took home the prize for Best Radio Series for the second year in a row.
Eibhlín is from Connemara and has been working with Raidió na Gaeltachta since 2006. She currently presents morning magazine programme Iris Aniar Monday to Friday 9.10 am, and previous to that was one of the presenters of morning current affairs programme Adhmhaidin.
Rónán Beo @ 3 is broadcast Tues-Fri on Raidió na Gaeltachta from 3-5 pm and is presented by Rónán Mac Aodha Bhuí, with Dónall Mac Ruairí producing and Eimear Ní Fhearraigh as programme secretary. The light entertainment programme includes a mix of music, chat and interviews, and Rónán's unique style of presenting is a key element in the show's success - an ability to deal sensitively with subjects when necessary, a great sense of fun, a genuine curiosity and a touch of anarchy. Rónán was also awarded the prize for radio personality of the year at the Celtic Media Awards that took place earlier this year in Scotland.
Edel Ní Chuireáin, Ceannaire of RTÉ Raidió na Gaeltachta, speaking about the awards, said:
I would like to congratulate Eibhlín and the Rónán Beo team on their awards, they are a source of great pride for the station, and an acknowledgement of the excellent standards of broadcasting and journalism of the service.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






